Maoiniú do litearthacht sna meáin
Tá sainchúram reachtúil ag Coimisiún na Meán maidir le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur chun cinn. Measaimid gur aistear foghlama fad saoil í an litearthacht sna meáin. D’fhéadfadh deiseanna maoinithe a bheith ar fáil do thionscadail agus do thionscnaimh atá i gcomhréir lenár mBeartas um Litearthacht sna Meáin [Béarla] (PDF) agus réimsí tosaíochta eile.
Litearthacht sna Meáin le Dul i gCoinne na Bréagaisnéise
In 2026, sheolamar glao ar iarratais maidir le maoiniú le haghaidh tionscnaimh shonracha um litearthacht sna meáin. Cuireadh €200,000 ar fáil ar an iomlán chun maoiniú a dhéanamh ar eagraíochtaí ar féidir leo gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise (NCDS) chun cabhrú le dul i ngleic le héifeachtaí díobhálacha na bréagaisnéise. Ba é seo an chéad cheann de dhá ghlao a bhí le heisiúint in 2026, agus tá sé dúnta anois.
Na hiarratasóirí ar éirigh leo maoiniú a fháil i gcás iarratais faoi Ghlao 1:
| Iarratasóir | Tionscadal | Deontas Maoinithe i bPrionsabal |
|---|---|---|
| DCU FuJo/EDMO Ireland | Litearthacht sna Meáin a Phríomhshruthú Freagra ar an mBréagfhaisnéis: Peirspictíochtaí Earnála agus Riachtanais Chur Chun Feidhme | €50,003 |
| Economic and Social Research Institute (ESRI) | Litearthacht sna Meáin / an Bhréagaisnéis a Chomhrac | €68,950 |
| Local Government Management Agency (LGMA) | Tionscadal Sláine maidir le Faisnéis le haghaidh Scileanna don Saol | €150,000 |
An Micri-chiste agus an Ciste Nuálaíochta um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise
Tá Coimisiún na Meán ag lorg iarratas ar mhaoiniú deontais le haghaidh tionscnaimh litearthachta sna meáin faoina Mhicri-Chiste um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise agus faoina Chiste Nuálaíochta um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise.
Tá €100,000 san iomlán ar fáil d’eagraíochtaí ar féidir leo gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise (NCDS), a foilsíodh an 17 Aibreán 2025. Seo an dara ceann de dhá ghlao a eisíodh in 2026. Tá Snáithe A agus Snáithe B i gceist leis an nglao seo ar iarratais.
Snáithe A: An Micri-Chiste um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise
Féachfar i Snáithe A le micridheontais a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí pobalbhunaithe litearthachta sna meáin, agus luach na ndeontas idir €500 agus uasmhéid €3,000 in aghaidh an iarratais.
Cuirtear fáilte faoi Shnáithe A roimh iarratais ó eagraíochtaí agus comhlachtaí atá fréamhaithe i bpobail (grúpaí pobail agus deonacha, lena n-áirítear Comhordaitheoirí Leathanbhanda in Údaráis Áitiúla, Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla agus cláir oiliúna pobail). Ba cheart an maoiniú a fhaightear a úsáid chun gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a fhorbairt, a éascú, a fheabhsú nó a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil.
Cad is féidir a mhaoiniú nó tacú leis faoin nglao seo?
Tá sé d’aidhm ag an gciste seo tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí pobail agus deonacha chun gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur ar fáil go pearsanta. Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil go pearsanta in Éirinn agus ní mór iad a bheith saor in aisce do rannpháirtithe. Tá iarratais á lorg ó gach contae ar fud na tíre.
Seo a leanas roinnt samplaí féideartha, ach ní liosta uileghabhálach é:
- Imeachtaí múscailte feasachta faoi thionchar na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise ar do phobal.
- Clinicíbuail isteach, caiféanna pobail agus moil a chothaíonn scileanna litearthachta digití (m.sh. conas mífhaisnéis agus bréagaisnéis a aithint agus conas camscéimeanna a sheachaint).
- Cainteanna nó cuir i láthair ó shaineolaithe ar litearthacht sna meáin, ar sheiceáil fíricí nó ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis.
- Taispeántais agus/nó acmhainní clóite a fhorbairt i spásanna pobail (m.sh. feasacht a ardú ar na rioscaí a bhaineann le mífhaisnéis agus bréagaisnéis).
- Ceardlanna pobalbhunaithe maidir le litearthacht sna meáin agus fíorú faisnéise a fhorbairt agus a chur ar fáil, agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn (m.sh. teachtaireacht agus acmhainní ‘Stop / Smaoinigh / Seiceáil’ de chuid Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin a úsáid).
- Oiliúnóirí/éascaitheoirí litearthachta sna meáin a aithint agus a fhorbairt laistigh de do phobal.
I measc samplaí de ghníomhaíochtaí nach féidir tacú leo faoin nglao seo tá scannáin, cláir theilifíse nó raidió a léiriú, podchraoltaí a thaifeadadh agus/nó urraíocht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí. Maidir le deiseanna sna réimsí deireanacha sin, d’fhéadfadh ár gcláir mhaoinithe eile a bheith ina n-ábhar spéise.
Snáithe B: An Ciste Nuálaíochta um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise
Féachfar i Snáithe B le deontais suas le huasmhéid €25,000 in aghaidh an iarratais a chur ar fáil do thionscadail nuálaíochta chomhoibríocha.
Tá Snáithe B dírithe ar iarratais ó chuibhreannas ar bith ina bhfuil dhá chomhlacht nó níos mó. Ba cheart an maoiniú a fhaightear a úsáid chun cur i gcoinne na bréagaisnéise trí ghníomhaíochtaí litearthachta sna meáin ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta.
Cad is féidir a mhaoiniú nó tacú leis faoin nglao seo?
Tá roinnt gníomhaíochtaí féideartha leagtha amach thíos. Ní liosta uileghabhálach é seo:
- Cláir phíolótacha, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus sraith ceardlann maidir le litearthacht sna meáin agus fíorú faisnéise chun scileanna smaointeoireachta criticiúla a chur chun cinn.
- Staidéar taighde atá dírithe ar úsáid gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus réimsí gaolmhara.
I measc samplaí de ghníomhaíochtaí nach féidir tacú leo faoin nglao seo tá gníomhaíochtaí nach bhfuil fócas litearthachta sna meáin acu nó nach bhfuil gné nuálaíoch ná comhpháirt nua acu (m.sh. spriocphobal nua a bhaint amach nó foilseachán, acmhainn nó staidéar nua a sheoladh).
Maidir le Snáithe A agus Snáithe B araon, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i gcostais incháilithe: costais phearsanra (m.sh. le haghaidh oiliúnóirí, taighdeoirí, cainteoirí agus éascaitheoirí), priontáil, lónadóireacht, tae/caife do rannpháirtithe, costais taistil, táillí cuntasaíochta agus, in imthosca sonracha teoranta, costais chaipitil.
Conas iarratas a dhéanamh
Féach na Treoirlínte d’Iarratasóirí agus an Fhoirm Iarratais chun an fhaisnéis ábhartha uile a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh ar an Micri-chiste tiomnaithe um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise (Snáithe A) agus ar an gCiste Nuálaíochta (Snáithe B).
- Treoirlínte d’Iarratasóirí don Mhicri-Chiste – Snáithe A (PDF)
- Foirm Microsoft don Mhicri-Chiste – Snáithe A
- Treoirlínte d’Iarratasóirí don Chiste Nuálaíochta – Snáithe B
- Foirm Iarratais don Chiste Nuálaíochta – Snáithe B (Word)
Is é 12 meán lae an 9 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratas ar na Micri-Chistí agus ar na Cistí Nuálaíochta.
Reáchtálfar seimineár gréasáin d’iarratasóirí ionchasacha ar MS Teams ag 12 meán lae Dé Céadaoin, an 16 Meán Fómhair 2026. Tugtar cuireadh d’iarratasóirí clárú don imeacht.