Comharthóirí iontaofa
Sainordaítear le hAirteagal 22 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha go ndéanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta is gá chun a chinntiú go dtabharfar tosaíocht do na fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa atá ag gníomhú laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, agus go ndéanfar iad a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.
Chun go mbronnfar stádas mar Chomharthóir Iontaofa air nó uirthi, ní mór d’iarratasóir roinnt coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22 a chomhlíonadh. Ní mór d’iarratasóir na nithe seo a leanas a léiriú:
- tá saineolas agus inniúlacht ar leith aige nó aici chun ábhar mídhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith;
- tá sé nó sí neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne; agus,
- tugann sé nó sí faoina gníomhaíochtaí/ghníomhaíochtaí chun fógraí a chur isteach go dícheallach, go cruinn agus go hoibiachtúil.
Cur i bhfeidhm
Féadfaidh eintitis atá lonnaithe in Éirinn iarratas a dhéanamh chugainn go mbronnfar stádas an Chomharthóra Iontaofa orthu, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Ní féidir stádas an Chomharthóra Iontaofa a bhronnadh ar dhaoine aonair.
D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le comharthóirí iontaofa:
- Eintitis phoiblí neamhrialála
- Cónaidhmeanna tionscail agus comhlachais trádála
- Eagraíochtaí neamhrialtasacha
- Baill de líonraí seanbhunaithe seiceálaithe fíricí
- Ceardchumainn
- Comhlachtaí príobháideacha nó leathphoiblí
- Líonraí
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar stádas an Chomharthóra Iontaofa nó má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas iarratais, seol ríomhphost chuig [email protected].
Comharthóirí Iontaofa Creidiúnaithe
Banc Ceannais na hÉireann
Maireann an tréimhse chreidiúnaithe ar feadh trí bliana. Is é réimse saineolais Banc Ceannais na hÉireann ná camscéimeanna agus calaois airgeadais, lena n-áirítear seirbhísí airgeadais a sholáthar agus/nó a thairiscint gan údarú.

Irish Music Rights Organisation (IMRO)
Maireann an tréimhse chreidiúnaithe ar feadh trí bliana, ón 28 Bealtaine 2026 go dtí an 28 Bealtaine 2029. Is é réimse saineolais Irish Music Rights Organisation ná cóipcheart maoine intleachtúla, go háirithe cóipcheart ceoil agus liriceach.

Irish Internet Hotline (IIH)
Maireann an tréimhse chreidiúnaithe ar feadh trí bliana, ón 11 Meitheamh 2026 go dtí an 11 Meitheamh 2029. Is iad réimse saineolais Irish Internet Hotline ná Ábhar Mí-Úsáide Gnéasach Leanaí, comhroinnt íomhánna pearsanta neamhthoiliúil, ciníochas agus seineafóibe, camscéimeanna agus calaois airgeadais.

Jewish Representative Council of Ireland (JRCI)
Maireann an tréimhse chreidiúnaithe ar feadh trí bliana, ón 11 Meitheamh 2026 go dtí an 11 Meitheamh 2029. Is é réimse saineolais Jewish Representative Council of Ireland ná ábhar mídhleathach frith-sheimíteach.
