Fógraí Ceadúnaithe

Seo iad na fógraí ceadúnaithe oscailte do sheirbhísí craolacháin fuaime tráchtála agus pobail, agus eolas faoi iarratas a dhéanamh.

Seirbhísí Craolacháin Fuaime Tráchtála

De réir Alt 67(3) den Acht Craolacháin, 2009 (“Acht 2009”), fógraíonn Coimisiún na Meán (“An Coimisiún”) leis seo an rún atá aige an nós imeachta mear ceadúnaithe a agairt faoi alt 67(6) den Acht chun críocha conarthaí craolacháin fuaime (“Conradh”) a bhronnadh chun go soláthrófar na seirbhísí craolacháin fuaime seo a leanas ar an mbanda FM:

  • Seirbhís craolacháin fuaime náisiúnta i bhformáid leathan do gach duine fásta

Tá an conradh, le Bauer Audio Ireland Limited ar son Bauer Audio Ireland LP faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Today FM, le dul in éag ar an 31 Bealtaine 2027.

  • Seirbhís craolacháin fuaime chun seirbhís réigiúnach dírithe ar cheol don aoisghrúpa 15-34 bliain d’aois i Réigiún an Iardheisceart (Contaetha Chiarraí, Luimnigh, agus an Chláir, Tiobraid Árann Thuaidh, agus Laois Thiar Theas).

Tá an conradh, le Bauer Audio Ireland Limited ar son Bauer Audio Ireland LP faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse SPIN South West, le dul in éag ar an 28 Meitheamh 2027.

Aon duine, seachas an sealbhóir, ar spéis leis nó léi na seirbhísí craolacháin fuaime seo a sholáthar, ní mór dó nó di a chur in iúl i scríbhinn gur mian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar bhronnadh an Chonartha agus éarlais €25,000 (don tseirbhís náisiúnta) nó €20,000 (don tseirbhís réigiúnach) a íoc leis an gCoimisiún faoin 14 Meán Fómhair 2026. Tá a leithéid d’éarlais in-aisíoctha má chuirtear iarratas ar bhronnadh an Chonartha faoi bhráid an Choimisiúin ina dhiaidh sin i gcomhréir le halt 65 den Acht.

Tá Treoireacha d’Aighneachtaí agus Foirmeacha um Léirithe Intinne le haghaidh na gConarthaí seo ar fáil anseo:

Ní mór do pháirtithe a bhfuil suim acu léiriú intinne a chur chuig an Coimisiún an Fhoirm um Léiriú Intinne a chomhlánú ina hiomláine agus í a chur isteach i bhformáid PDF chuig [email protected] faoi 12 meán lae ar an Luan, 14 Meán Fómhair 2026.

Ní hionann Léiriú Intinne a chuirtear isteach mar fhreagairt ar an bhfógra seo agus iarratas ar an gConradh nó aon chonradh craolacháin fuaime eile.

Cuirfear gach Léiriú Intinne bailí ar fáil don phobal tar éis don Choimisiún iad a mheas.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Bronnadh Conarthaí,
Coimisiún na Meán,
1 Áras Shíol Bhroinn,
Bóthar Shíol Bhroinn,
Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.
F: 01 6441200,
R: [email protected]

Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail

De réir Alt 65(8) den Acht Craolacháin, 2009 (“Acht 2009”), cuireann Coimisiún na Meán (“an Coimisiún”) fáilte roimh iarratais i scríbhinn ó dhuine nó ó chomhlacht ar spéis leo conarthaí craolacháin fuaime a bhaint amach chun na seirbhísí craolacháin fuaime seo a leanas a sholáthar ar an mbanda FM: 

  • Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail do Chonamara agus an Ceantar Máguaird

Tá an conradh croalacháin fuaime pobail, le Connemara Community Radio Company Limited by Guarantee agus faoi láthair atá craoladh na seirbhíse Connemara Community Radio, le dul in éag ar an 20 Meitheamh 2027.

  • Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail do Chaisleán an Bharraigh agus an Ceantar Máguaird 

Tá an conradh croalacháin fuaime pobail, le Community Radio Castlebar FM Company Limited by Guarantee agus faoi láthair atá craoladh na seirbhíse Community Radio Castlebar, le dul in éag ar an 20 Meitheamh 2027. 

  • Seirbhís Croalacháin Fuaime Pobail do Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh 

Tá an conradh croalacháin fuaime pobail, le Comharchumann Cumarsáide Pobal Bhaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh Teoranta agus faoi láthair atá craoladh na seirbhíse Near FM, le dul in éag ar an 28 Meitheamh 2027. 

Ba cheart go mbeadh na cláir ar an tseirbhís dírithe ar an bpobal, go dtabharfaidís aghaidh ar leasanna an phobail i limistéar an tsaincheadúnais agus féachaint le tairbhe sóisialta a sholáthar dóibh freisin. Ba cheart go mbeadh an tseirbhís faoi úinéireacht agus faoi rialú eagraíocht neamhbhrabúis a ndéantar soláthar ina struchtúr do bhainistíocht, bhallraíocht agus oibriú na seirbhíse ag baill den phobal go príomha.

Ní mór don iarratasóir a bheith ionadaíoch ar agus freagrach don phobal a ndéanfaidh an tseirbhís craolacháin fuaime freastal air.

Tá Treoireacha d’Iarratais agus  Foirmeacha Iarratais seo ar fáil anseo:

Conamara agus an Ceantar Máguaird 

Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná 5p.m. ar an Déardaoin, 19 Samhain 2026.

An Chaisleán an Bharraigh agus an Ceantar Máguaird 

Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná 5p.m. ar an Déardaoin, 26 Samhain 2026. 

Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh 

Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná 5p.m. ar an Déardaoin, 26 Samhain 2026. 

Tugadh iarratasóirí dá n-aire go bhforchoimeádann an Coimisiún an ceart gan conradh a bhronnadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Bronnadh Conarthaí,
Coimisiún na Meán,
1 Áras Shíol Bhroinn,
Bóthar Shíol Bhroinn,
Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.
F: 01 6441200,
R: [email protected]