Fógraíocht stáit
Leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM), tugtar isteach oibleagáidí reachtúla nua d’údaráis agus eintitis phoiblí i ndáil le fógraíocht stáit.
Ón 8 Lúnasa 2025, ceanglaítear ar údaráis agus eintitis phoiblí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Critéir chuí agus nósanna imeachta cuí a bheith i bhfeidhm chun fógraíocht stáit a bhronnadh
- Faisnéis a bhailiú agus a fhoilsiú maidir lena gcaiteachas ar fhógraíocht stáit
Tá sé beartaithe leis an bhfaisnéis seo a leanas cúnamh a thabhairt d’údaráis agus eintitis phoiblí trí phríomhfhaisnéis a sholáthar dóibh, faisnéis a mbeidh gá acu léi chun comhlíonadh a áirithiú. Ní hionann é agus comhairle dlí.
Cúlra
Is rialachán ón Aontas Eorpach é GESM a fhéachann le saoirse agus iolrachas na meán a chosaint. Le hAirteagal 25 de GESM ceanglaítear ar údaráis nó eintitis phoiblí trédhearcacht a mhéadú i ndáil lena gcaiteachas ar fhógraíocht stáit. Is foinse thábhachtach ioncaim í an fhógraíocht stáit i gcás a lán eagraíochtaí meán. Trí thrédhearcacht a mhéadú maidir leis an gcaoi a mbronntar fógraíocht stáit, laghdófar an baol go n-úsáidfear maoiniú den sórt sin chun tionchar a imirt ar na meáin.
Tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ag ullmhú reachtaíochta lena dtabharfaidh lánéifeacht do GESM in Éirinn, lena n-áirítear a fhorálacha maidir le fógraíocht stáit. Mar sin féin, tá na hoibleagáidí ar a dtugtar tuairisc sa nóta seo infheidhme go díreach sa dlí náisiúnta agus ba cheart d’údaráis phoiblí agus d’eintitis phoiblí bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh siad comhlíontach ón 8 Lúnasa 2025. D’eisigh an Roinn an nóta faisnéise seo a leanas maidir le caiteachas stáit ar fhógraíocht d’údaráis agus eintitis phoiblí.
Céard í fógraíocht stáit?
Sainmhíníonn GESM fógraíocht stáit mar
teachtaireacht fógraíochta nó féinfhógraíochta nó fógra poiblí nó feachtas faisnéise a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh, in aon seirbhís meán nó ardán ar líne, ar íocaíocht nó ar aon chomaoin eile de ghnáth, ag údarás nó eintiteas poiblí nó thar a cheann.
Cumhdaítear leis an sainmhíniú fógraíocht le soláthraithe seirbhíse meán (amhail teilifís, raidió, seirbhísí sruthaithe, nuachtáin, suíomhanna gréasáin nuachta nó podchraoltaí) nó soláthraithe ardán ar líne (amhail Facebook, Instagram, YouTube, TikTok nó X) ag raon leathan údarás agus eintiteas poiblí.
Cumhdaítear leis an sainmhíniú seo freisin fógraíocht a chuireann idirghabhálaí (amhail gníomhaireacht fógraíochta) thar ceann údarás poiblí nó eintiteas poiblí agus ní mór tuairisc a thabhairt uirthi.
Oibleagáidí d’údaráis agus d’eintitis phoiblí
Bailiú sonraí agus tuairisciú
Ceanglaítear ar údaráis agus eintitis phoiblí faisnéis a bhailiú maidir lena gcaiteachas ar fhógraíocht stáit ón 8 Lúnasa 2025. Ní mór an méid seo a leanas a bheith san fhaisnéis sin:
- ainmneacha na soláthraithe seirbhíse meán, nó na soláthraithe ardán ar líne, ónar ceannaíodh seirbhísí;
- i gcás inarb infheidhme, ainmneacha aon ghrúpaí gnó a bhfuil soláthraí seirbhíse meán nó soláthraí ardáin ar líne mar chuid díobh;
- an méid iomlán bliantúil a caitheadh; agus
- na méideanna bliantúla a caitheadh i gcoinne an tsoláthraí seirbhíse meán nó an tsoláthraí ardáin ar líne.
Ceanglófar ar údaráis agus eintitis phoiblí an fhaisnéis sin a fhoilsiú, ar bhonn bliantúil, ar roinn inrochtana dá suíomh gréasáin.
Tosóidh tuairisciú ar chaiteachas 2025 in 2026. Soláthrófar tuilleadh faisnéise maidir le hamlínte le haghaidh tuairiscithe in am agus i dtráth.
Critéir agus nósanna imeachta chun fógraíocht stáit a bhronnadh
Ní mór d’údaráis phoiblí agus d’eintitis phoiblí fógraíocht stáit a bhronnadh i gcomhréir le critéir thrédhearcacha, oibiachtúla, chomhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus trí bhíthin nósanna imeachta oscailte, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Ní mór na critéir a úsáidtear chun fógraíocht stáit a bhronnadh a chur ar fáil go poiblí roimh ré ar shuíomh gréasáin an údaráis nó eintitis phoiblí.
Tá feidhm ag an gceanglas thuas maidir le critéir agus nósanna imeachta iomchuí freisin maidir le conarthaí soláthair nó seirbhíse a bhronnadh do sheirbhís meán nó d’ardán ar líne le haghaidh earraí nó seirbhísí seachas fógraíocht stáit, mar shampla, léiriúcháin chlosamhairc, sonraí margaidh agus seirbhísí comhairliúcháin nó oiliúna.
Moltar do gach údarás agus eintiteas poiblí plean a fhorbairt chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, ina ndéanfar doiciméadú ar a nósanna imeachta agus ar na critéir a úsáidtear chun fógraíocht stáit agus conarthaí soláthair nó seirbhíse a leithdháileadh. Is féidir an plean seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin ansin.
I measc na gcritéar ábhartha maidir le fógraíocht stáit a bhronnadh tá luach ar airgead, raon geografach, an cumas go gcuirfear os comhair an sprioclucht féachana nó éisteachta é (arna thomhas de réir méadrachta ábhartha ar nós tuairimí, lucht éisteachta nó cúrsaíochta) agus an gá le ceanglais reachtúla eile a chomhlíonadh (ar nós na gceanglas fógraíochta maidir leis an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla).
Ról Choimisiún na Meán
Tar éis reachtaíocht cur chun feidhme a rith, tá sé beartaithe go mbeidh Coimisiún na Meán freagrach as monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar fhógraíocht stáit in Éirinn. Tabharfar cumhacht dúinn freisin treoir a fhorbairt chun cúnamh a thabhairt d’údaráis agus eintitis phoiblí a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh i ndáil le fógraíocht stáit nuair a rithfear an reachtaíocht cur chun feidhme.
Príomhthéarmaí
ciallaíonn ‘fógraíocht stáit’ teachtaireacht fógraíochta nó féinfhógraíochta nó fógra poiblí nó feachtas faisnéise a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh, in aon seirbhís meán nó ardán ar líne, ar íocaíocht nó ar aon chomaoin eile de ghnáth, ag údarás nó eintiteas poiblí nó thar a cheann.
ciallaíonn ‘seirbhís meán’ seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagail 56 agus 57 CFAE, i gcás inarb é príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di cláir nó preasfhoilseacháin a sholáthar, faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhíse meán, don phobal i gcoitinne, ar aon bhealach, d’fhonn eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil.
- Áirítear ar sheirbhísí meán craoltaí teilifíse nó raidió, seirbhísí físeáin ar éileamh (e.g. seirbhísí sruthaithe amhail Netflix), podchraoltaí fuaime, agus preasfhoilseacháin (ar líne nó as líne).
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse meán’ duine nádúrtha nó dlítheanach arb é a ghníomhaíocht ghairmiúil seirbhís meán a sholáthar agus ar a bhfuil freagracht eagarthóireachta as ábhar na seirbhíse meán a roghnú agus a chinneann an bealach ina n-eagraítear é.
ciallaíonn ‘ardán ar líne’ seirbhís óstála a stórálann agus a scaipeann faisnéis ar an bpobal, arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse.
- Áirítear ar na hardáin ar líne sin Facebook, Instagram, Youtube, TikTok agus X (ach gan a bheith teoranta dóibh).
ciallaíonn ‘údarás poiblí eintitis’ rialtas náisiúnta nó fonáisiúnta, údarás rialála nó comhlacht rialála, nó eintiteas atá faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag rialtas náisiúnta nó fonáisiúnta.
- Tá an sainmhíniú sin leathan agus ba cheart a mheas go gcumhdaíonn sé gach comhlacht agus gníomhaireacht stáit, lena n-áirítear Ranna Rialtais, údaráis áitiúla, comhlachtaí rialála agus eintitis atá faoi rialú an Rialtais, amhail comhlachtaí tráchtála stáit.
ciallaíonn ‘rialú’ an fhéidearthacht tionchar cinntitheach a imirt ar eintiteas, cibé acu trí chearta, conarthaí nó aon mhodh eile, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
– úinéireacht nó an ceart chun sócmhainní uile eintitis nó cuid díobh a úsáid; nó;
– cearta nó conarthaí a thugann tionchar cinntitheach ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí orgáin eintitis.
Teagmháil
Le haghaidh aon fhiosrúcháin, seol ríomhphost chuig [email protected].