Ráiteas Príobháideachais sa Bhreis ar Rochtain Sonraí do Thaighdeoirí a nDearnadh Grinnfhiosrúchán Orthu

Tá faisnéis bhreise sa Ráiteas Príobháideachais sa bhreis seo le hais an Ráitis Príobháideachais ghinearálta.

An Nuashonrú is Déanaí: 01.12.25

Mínítear sa ráiteas príobháideachais forlíontach seo an chaoi a mbaineann Coimisiún na Meán (“an Coimisiún”, “-[a]imid/-[a]ímid/-f[a]imid/-faimis/orainn/againn/-íomar”, “dúinn”, “[-]ár”) úsáid as do shonraí pearsanta i dtaca leis an gcóras rochtana sonraí do thaighdeoirí grinnfhiosraithe dá bhforáiltear le hAirteagal 40 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

Is é an Coimisiún príomh-Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (DSC) na hÉireann chun críche an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha. Bailíonn agus próiseálann an Coimisiún sonraí pearsanta le linn dó a fheidhmeanna mar DSC a chomhlíonadh, lena n-áirítear i dtaca le measúnú a dhéanamh ar iarratais ó thaighdeoirí chun stádas mar thaighdeoir grinnscrúdaithe a bhronnadh orthu agus le go ndéanfaidh an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ar shonraí thar a gceann chuig soláthraí VLOP nó VLOSE i gcomhréir le hAirteagal 40 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

Is é cuspóir an ráitis príobháideachais fhorlíontaigh seo daoine aonair a bpróiseálaimid a sonraí pearsanta (“leat/agat/tú/ort”, “do/agat”) a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat a bhailímid, na húsáidí a d’fhéadfaimis a bhaint as na sonraí sin sa chomhthéacs seo, na cearta atá agat i ndáil le do shonraí agus conas iad a fheidhmiú.

Is é Coimisiún na Meán rialaitheoir na sonraí pearsanta a bhfuil cur síos orthu sa Ráiteas Príobháideachais forlíontach seo.

Conas teagmháil a dhéanamh linn

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an gcaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta inár gcáil mar rialaitheoir sonraí, trí úsáid a bhaint as ár sonraí teagmhála:

  • trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]
  • trí phost a sheoladh chuig ár n-oifig leis an seoladh seo a leanas: Coimisiún na Meán (faoi chúram an Oifigigh Cosanta Sonraí), 1 Foirgnimh Shíol Bhroin, Bóthar Shíol Bhroin, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20, Éire. 

Na sonraí pearsanta a láimhseálaimid

Féadfaidh an Coimisiún cuid de na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas, nó iad go léir, a phróiseáil sa chomhthéacs seo:

Sonraí Iarratasóra

Sonraí pearsanta a bhaineann le duine a chuireann iarratas isteach chun a bheith ina thaighdeoir grinnfhiosraithe nó ina taighdeoir grinnfhiosraithe nó a ndéantar tagairt dó nó di ar shlí eile in iarratas den sórt sin. Féadfar a áireamh ar na sonraí pearsanta sin ainm duine, an t-aitheantas úsáideora do Thairseach Rochtana Sonraí an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, uimhir aitheantais Cháis an Iarratais, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, aon ábhair thacaíochta (amhail sonraí pearsanta atá sna doiciméid a léiríonn an ceangal atá ag an duine le heagraíocht taighde, agus aon fhaisnéis phearsanta eile a mheastar a bheith riachtanach chun páirt a ghlacadh sa phróiseas rochtana sonraí do thaighdeoirí grinnfhiosraithe) agus sonraí maidir le láimhseáil an iarratais ag an iarratasóir.

Sonraí Saineolaí

Sonraí pearsanta a bhaineann le saineolaí aonair a bhféadfaimid dul i gcomhairle leis nó léi sula gcuirfimid iarraidh réasúnaithe le chéile nó sula nglacfaimid chugainn féin iarraidh ar leasú ó sholáthraí VLOP/VLOSE. Féadfar a áireamh ar na sonraí pearsanta sin ainm duine, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, agus ábhair a thacaíonn lena neamhspleáchas, lena neamhchlaontacht, lena saineolas agus lena scileanna ábhartha, agus leis an gcumas agus leis na hacmhainní atá aige nó aici chun an tasc a dhéanamh gan aon mhoill mhíchuí.

Sonraí Ionadaíocha

Sonraí pearsanta a bhaineann le fostaí nó ionadaí eile de chuid sholáthraí VLOP/VLOSE lena ndéanann an Coimisiún cumarsáid i dtaca le hiarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí.

Sonraí Pearsanra

Sonraí pearsanta a bhaineann le pearsanra an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhoird Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha, DSCanna i mBallstáit eile, nó comhlachtaí reachtúla eile lena ndéanann an Coimisiún cumarsáid i dtaca le hiarratas duine chun a bheith ina thaighdeoir grinnfhiosraithe nó ina taighdeoir grinnfhiosraithe agus/nó le hiarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí.

Bunús dlíthiúil chun do shonraí a phróiseáil

Braitheann an bunús dlíthiúil le do shonraí pearsanta a phróiseáil ar an gcuspóir lena ndéantar iad a phróiseáil.

Is iad seo a leanas na príomhbhunúis dhlíthiúla faoi RGCS ar a mbraitheann an Coimisiún chun sonraí pearsanta a phróiseáil:

Airteagal 6 (1) (c): Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an Coimisiún faoina réir a chomhlíonadh. 

Tá an chuid is mó de na hoibleagáidí sin (a thagann as reachtaíocht agus as dlíthe agus prionsabail dlí is infheidhme maidir leis an gcaoi a n-oibrímid) ceangailte lenár bhfeidhmeanna agus lenár gcumhachtaí, a leagtar amach go príomha sa reachtaíocht seo a leanas:

  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2050 ón gCoimisiún
  • An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, 2022
  • An tAcht Craolacháin 2009
  • An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán 2022

Chun an Tábla thíos a thuiscint, tugaimid ‘an reachtaíocht is infheidhme’ ar na dlíthe seo i dteannta a chéile. D’fhéadfaí an liosta reachtaíochta seo a leathnú le himeacht ama agus, dá bhrí sin, ní gá go bhfuil an liosta seo uileghabhálach.

Airteagal 6 (1) (e): is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don Choimisiún.

Chomh maith le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás inar gá sin chun oibleagáidí dlíthiúla a bhfuilimid faoina réir a chomhlíonadh, próiseálaimid sonraí pearsanta freisin i gcás inar gá sin chun cúraimí a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn. Foráiltear do na cúraimí agus don údarás sin sna dlíthe céanna a luaitear thuas.

Sa tábla thíos, léirítear na cuspóirí, na catagóirí sonraí pearsanta agus na bunúis dhlíthiúla lenár gcuid próiseála:

CuspóirCatagóirí Sonraí Pearsanta Bunús Dlíthiúil
Iarratais ar stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe a phróiseáil agus freagra a thabhairt orthu. Sonraí Iarratasóra

Sonraí Saineolaí

Sonraí Ionadaíocha

Sonraí Pearsanra
Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil

Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil
Fógra maidir le cinntí an Choimisiúin a thabhairt don Choimisiún Eorpach, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus d’aon pháirtithe ábhartha eile, de réir mar a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí. Sonraí Iarratasóra

Sonraí Saineolaí

Sonraí Ionadaíocha

Sonraí Pearsanra
Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil

Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil
Comhoibriú leis an gCoimisiún Eorpach, le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus le haon pháirtithe ábhartha eile, de réir mar a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí, i dtaca lena athbhreithniú agus lena chinntí maidir le hiarratais ar stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe. Sonraí Iarratasóra

Sonraí Saineolaí

Sonraí Ionadaíocha

Sonraí Pearsanra
Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil

Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil
Déileáil le haon díospóidí nó éilimh i ndáil le haon iarratais ar stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe agus/nó iarrataí réasúnaithe ar rochtain ar shonraí. Sonraí Iarratasóra

Sonraí Saineolaí

Sonraí Ionadaíocha

Sonraí Pearsanra
Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil

Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil
I dtaca le himscrúdú i dtaobh an bhfuil taighdeoir grinnscrúdaithe ag comhlíonadh na gcoinníollacha is infheidhme a thuilleadh agus ar cheart a rochtain ar shonraí de bhun iarraidh réasúnaithe a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 40(10) den Acht um Sheirbhísí Digiteacha. Sonraí Iarratasóra

Sonraí Saineolaí

Sonraí Ionadaíocha

Sonraí Pearsanra
Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil

Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil

Do chearta cosanta sonraí

Tá cearta áirithe agat, faoin dlí maidir le cosaint sonraí, i ndáil le próiseáil do shonraí pearsanta. Féach ar ár Ráiteas Príobháideachais ginearálta chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na cearta atá agat agus faoin gcaoi a bhféadfá iad a fheidhmiú.

Do shonraí a chomhroinnt

Nuair a phróiseálann an Coimisiún do Shonraí Pearsanta, coimeádtar na sonraí pearsanta go rúnda agus ní roinntear le tríú páirtithe iad ach amháin i gcásanna teoranta. Féadfar a áireamh orthu sin na cásanna ina bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orainn do Shonraí Pearsanta a chomhroinnt le tríú páirtí, amhail VLOP/VLOSE, Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha eile nó an Coimisiún Eorpach. I gcás ina roinnimid do Shonraí Pearsanta nó i gcás ina n-iarraimid go ndéanfar iad a phróiseáil ar ár son, cinntímid go bhfuil na conarthaí riachtanacha agus na comhaontaithe riachtanacha um chomhroinnt sonraí i bhfeidhm againn a mhéid is gá chun an dlí is infheidhme a chomhlíonadh. Is chun na gcríoch ar tugadh breac-chuntas orthu cheana atá an chomhroinnt sonraí pearsanta, lena n-áirítear leo seo a leanas:

  • An Coimisiún Eorpach, Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus údaráis rialála inniúla eile. I gcás ina roinnimid faisnéis phearsanta a chuir tú ar fáil dúinn leis an gCoimisiún Eorpach nó le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha eile, déanfar é sin le hardán slán arna fhorbairt ag an gCoimisiún Eorpach;
  • Saineolaithe a dtéimid i gcomhairle leo mar chuid dár n-athbhreithniú ar iarratais;
  • An soláthraí VLOP/VLOSE is ábhar don iarratas ar stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe;
  • Údaráis phoiblí eile i gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear sin leis an dlí.

An fad a choinnímid do shonraí 

Ní choinneoidh an Coimisiún do shonraí pearsanta ach ar feadh an mhéid ama is gá chun na críocha dár bhailíomar iad a chomhlíonadh, nó chun ár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme a chomhlíonadh.

Coinnímid sonraí pearsanta a bhaineann le hiarratais ar stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe ar feadh thréimhse an phróisis iarratais fad a bheidh sé gníomhach. Nuair a dhéanfar cinneadh faoi iarratas, coinneofar na sonraí ar feadh seacht mbliana. Tar éis na tréimhse seo, déanfaimid athbhreithniú ar na sonraí chun a ngá leanúnach agus a gcomhréireacht a mheas, agus aon bhreithnithe dlíthiúla nó rialála á gcur san áireamh againn. D’fhéadfaí a áireamh in aon síneadh ar an tréimhse ama seo an teorainn ama reachtúil a fhorordaítear do chaingean dlí i gcoinne chinneadh an Choimisiúin. Dá bhrí sin, braitheann an tréimhse choinneála a chuirtear i bhfeidhm ar imthosca áirithe an iarratais agus ar na tréimhsí ábhartha teorann chun caingean dlí a thionscnamh. Má thionscnaítear caingean dlí i leith chinneadh an Choimisiúin, shíneofaí an tréimhse choinneála go fad na n-imeachtaí dlí agus ar feadh tréimhse sé mhí ina ndiaidh, i gcomhréir lenár sceideal coinneála.

Coinneofar na sonraí pearsanta go léir a bhaineann lenár gcomhoibriú leis an gCoimisiún Eorpach, le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile agus le húdaráis rialála inniúla eile ar feadh fhad riachtanach na gníomhaíochta comhoibrithe sin, rud a d’fhéadfadh a bheith éagsúil de réir imthosca an cháis.

Aistrithe idirnáisiúnta

D’fhéadfaí do shonraí pearsanta a thraschur chuig tíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus d’fhéadfaí iad a phróiseáil sna tíortha sin, leis. D’fhéadfadh dlíthe cosanta sonraí atá éagsúil ó na dlíthe in Éirinn a bheith i bhfeidhm sna tíortha sin. Déanfaimid bearta iomchuí lena áirithiú go gcosnófar do shonraí i gcónaí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Déanaimid amhlaidh trí bhrath ar shásraí cuí aistrithe amhail Clásail Chonarthacha Chaighdeánacha, Cinntí Leordhóthanachta nó modhanna deimhniúcháin amhail Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM. Déanaimid Measúnuithe Tionchair Traschurtha ar Thraschuir Idirnáisiúnta agus cinntímid go bhfuil cosaintí breise i bhfeidhm.

An chaoi a gcosnaímid do shonraí

Féach ar ár Ráiteas Príobháideachais ginearálta chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gcaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta.

Do cheanglas maidir le sonraí a sholáthar

Tabhair do d’aire, le do thoil, más mian leat iarratas ar stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe a dhéanamh ach má theipeann ort catagóirí áirithe sonraí pearsanta a sholáthar (e.g. mura soláthraíonn tú aon fhaisnéis lena bhfianaítear an ceangal atá agat le heagraíocht taighde), nach mbeimid in ann stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe a bhronnadh ort.

Conas gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí

Tá sé de cheart agat gearán a chur isteach maidir leis an gcaoi a láimhseálaimid do shonraí pearsanta leis an údarás maoirseachta inniúil, an CCS. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí trína shuíomh gréasáinwww.dataprotection.ie nó i scríbhinn ag:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí
6 Rae Pheambróg
Baile Átha Cliath 2
D02 X963
Éire

Athrú ar an Ráiteas Príobháideachais Forlíontach seo

D’fhéadfaimis an Ráiteas Príobháideachais Forlíontach seo a nuashonrú ó am go chéile. Mar sin, seiceáil an Ráiteas Príobháideachais Forlíontach seo ó am go ham le haghaidh athruithe. Is féidir tagairt do dháta an nuashonraithe is déanaí a fháil ar bharr an ráitis seo.