Scéim na Meán Pobail
Cuireann Scéim na Meán Pobail maoiniú ar fáil chun rannchuidiú na hearnála meán pobail i leith an tsochair shóisialta a neartú.
Is é príomhchuspóir na Scéime seo tacú le hearnáil meán pobail atá inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus rannpháirtíoch, a sholáthraíonn sochar sóisialta agus a chothaíonn saoránacht ghníomhach.
An babhta maoiniúcháin reatha
Is é Babhta 1 an babhta reatha de Scéim na Meán Pobail
| Babhta Maoiniúcháin | Formáid an Bhabhta | Dáta Oscailte | Dáta Deiridh | Tairiscintí Maoinithe a bhfuiltear ag súil leo |
|---|---|---|---|---|
| 1 | Scéim na Meán Pobail | 23 Iúil 2026 | 20 Lúnasa 2026 | Deireadh Fómhair 2026 (le deimhniú) |
Conas iarratas a dhéanamh
Foilsítear Treoir d’Iarratasóirí [Béarla] (PDF) le haghaidh gach babhta maoiniúcháin. Ní mór gach iarratas a chur isteach tríd ár dtairseach.
Tuilleadh eolais
Is féidir ceisteanna faoin Scéim a sheoladh chuig [email protected]