Fuaim & Fís 4 – Babhtaí Maoinithe le Teacht Fógartha  

Tá sonraí na mbabhtaí maoinithe atá le teacht faoin Scéim Fuaim & Fís 4 fógartha ag Coimisiún na Meán. 

Babhta 53 – Babhta ‘Oscailte’ Fuaim & Fís 

D’oscail Babhta 53 ar 9 Aibreán do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le léiriú ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge. Dúnfar an babhta seo ag meán lae Déardaoin, 30 Bealtaine 2024. Tá sé beartaithe go mbeidh cinntí maoinithe ar fáil i Lúnasa 2024. 

**NUA** Babhta 54 – Fuaim & Fís – Babhta Speisialta chun tacú le léiriú ábhair atá dírithe ar ghuth na n-inimirceach agus na bPobal Éireannacha nua 

Osclófar Babhta 54 ar an 27 Meitheamh do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le léiriú ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge atá dírithe ar ghuth na n-imirceach agus na bPobal Éireannacha nua. Dúnfar an babhta seo ag meán lae Déardaoin, 8 Lúnasa 2024. Tá sé beartaithe cinntí maoinithe a bheith ar fáil i mí na Samhna 2024. Tá suas le 2 mhilliún euro ar fáil ag an mbabhta seo agus tá sé á mhaoiniú ag maoiniú breise ón státchiste arna urrú ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, An Ghaeltacht, Spórt agus na Meáin Catherine Martin TD. 
 
Babhta 55 – Babhta ‘Oscailte’ Fuaim & Fís 
Osclófar Babhta 55 ar an15 Deireadh Fómhair do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le léiriú ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge. Dúnfar an babhta seo ag meán lae Déardaoin, 28 Samhain 2024. Tá sé beartaithe go mbeidh cinntí maoinithe ar fáil faoi dheireadh Feabhra 2025. 
 
Foilseofar Treoirlínte agus Foirmeacha Iarratais ábhartha do gach babhta ar shuíomh Gréasáin Choimisiún na Meán ar dháta oscailte an bhabhta. Reáchtálfar seimineáir gréasáin d’iarratasóirí ionchasacha freisin. Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.cnamonline.ie 

Fuaim & Fís 4 Dáta Oscailte Seimineár Gréasán d’Iarratasóirí Spriocdháta Torthaí a bhfuiltear ag súil leo 
Babhta 53 Máírt 
9 Aibreán 2024 
Máirt 16 Aibreán 2024 Déardaoin 
30 Bealtaine 
12 meánlae 
Deireadh Lúnasa 2024 
Babhta 54 Déardaoin 
27 Meitheamh 2024 
Máirt  2 Iúil 2024 Déardaoin 
8 Lúnasa 
12 meánlae 
Deireadh Deireadh Fómhair 2024 
Babhta 55 Máirt 
15 Deireadh Fómhair 2024 
Máirt 
22 Deireadh Fómhair 2024 
Déardaoin 
28th Samhain 
12 meánlae 
Deireadh Feabhra 2025 

Le haghaidh aon fhiosrúcháin a bhaineann go sonrach le Fuaim & Fís déan teagmháil le: info@cnam.ie 

Foilsíonn Coimisiún na Meán treoirlínte nuashonraithe maidir le clúdach craolacháin  toghchán

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán a Threoirlínte inniu (30.4.24) maidir le Clúdach Craolacháin Toghchán. Tugtar treoir agus comhairle do chraoltóirí sna Treoirlínte maidir le conas is féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach ina gclúdach ar thoghcháin.

Tá na Treoirlínte á bhfoilsiú roimh na Toghcháin Eorpacha agus Áitiúla agus roimh an toghchán do Mhéara díreach tofa Luimnigh, atá sceidealta a bheith ar siúl ar an 7 Meitheamh seo chugainn. Tagann na Treoirlínte i bhfeidhm ón Máirt an 7 Bealtaine 2024 agus tá feidhm acu maidir le clúdach na dtoghchán go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta an 7 Meitheamh 2024.

Leagtar béim sna Treoirlínte ar chuir chuige éagsúla a d’fhéadfaí a ghlacadh maidir le leithdháileadh am aeir chun iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta a chumhdach chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le ‘domhainbhrionnuithe’. Coinnítear forálacha atá ann cheana a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, leis an toirmeasc ar fhógraíocht pholaitiúil agus le clúdach pobalbhreitheanna.

I measc na nithe eile a dtugtar aghaidh orthu tá ionchuir ar an aer trí na meáin shóisialta agus toirmeasc ar chraoltóirí agus ar láithreoirí a spreagann éisteoirí nó lucht féachana chun vótáil i bhfabhar nó in aghaidh aon toraidh ar leith sna toghcháin. Spreagann na Treoirlínte craoltóirí chun réimse guthanna agus tuairimí a áireamh ina gclúdach, lena n-áirítear meascán de thuairimí a léiríonn éagsúlacht chultúrtha inscne agus shóisialta.

Ag labhairt dó faoi fhoilsiú na dTreoirlínte, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán Choimisiún na Meán: “Tá ról tábhachtach agus luachmhar ag craoltóirí maidir le heolas faoi thoghcháin a chur in iúl do phobal na hÉireann. Baintear é sin amach trí chlúdach atá cruinn, cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta.

“Coinníonn na Treoirlínte an moratóir ar chlúdach toghcháin. Iarrtar leis seo ar chraoltóirí clúdach na dtoghchán a theorannú ó 2pm ar an lá roimh thoghchán nó reifreann agus fanann sé i bhfeidhm go dtí go ndúnfar na pobalbhreitheanna ar lá an toghcháin nó an reifrinn (10in).

“Nuair a rinneadh an t-athbhreithniú reachtúil ar an gCód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha, a sholáthraíonn an bonn do na Treoirlínte, in 2022, d’iarr páirtithe leasmhara an tionscail go follasach go gcuirfí deireadh leis an moratóir agus bhí tuairimí measctha ag páirtithe leasmhara poiblí maidir lena choinneáil nó lena bhaint.  Ag féachaint do na torthaí sin, tá Coimisiún na Meán tiomanta d’athbhreithniú a dhéanamh ar an moratóir craolacháin sa dara leath den bhliain seo, lena n-áirítear tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí. Tá sé beartaithe an t-athbhreithniú seo a chur i gcrích agus Treoirlínte nuashonraithe a fhoilsiú a dhéileálann leis an moratóir i Ráithe 4 2024, má tá údar leis an athbhreithniú.”

  • Na Treoirlínte Maidir le Clúdach Toghchán ar fáil le híoslódáil anseo
     
  • An Cód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht ar fáil le híoslódáil anseo

Lorgaíonn Coimisiún na Meán léirithe spéise le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime

Rinne Coimisiún na Meán inniu, (21.03.2024), fógra poiblí a chur ar nuachtán náisiúnta ina n-iarrtar léirithe spéise ar pháirtithe a bhfuil spéis acu i gconradh craolacháin fuaime a bhaint amach i gcomhair aon de na seirbhísí seo a leanas a sholáthar.   

An Mhumhain 

  • Réigiún an Oir-Dheiscirt lena n-áirítear Cathair agus Contae Phort Láirge, Tiobraid Árainn Theas agus Contae Cheatharlach, Contae Chill Chainnigh agus Loch Garman Seirbhís reigiúnach tiomanta ar cheol don aoisghrúpa 15-34 bliain d’aois  

Tá an Conradh, le WKW FM Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Beat 102-103, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Contae Chiarraí Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le Raidió Chiarraí Teoranta faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Radio Kerry, le dul in éag ar an 9 Aibreán 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Cathair agus Contae Chorcaí – tá dhá sheirbhís ag feidhmiú faoi chonradh aonair, mar seo a leanas: 
  1. Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan ag craoladh mar C103. 
  1. Seirbhís áitiúil tiomanta ar cheol don aoisghrúpa 25-44 bliain d’aois ag craoladh mar Cork’s 96FM. 

Tá an Conradh, le County Media Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhísí thuasluaite, le dul in éag ar an 30 Aibreán 2025. 

Treoir agus Foirm 


Connacht-Ulaidh 

  • Tuaisceart Dhún na nGall – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le Donegal Highland Radio Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Highland Radio, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Contae Shligigh, Liatroma Thuaidh agus Deisceart Dhún na nGall – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le North West Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Ocean FM, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 


Laighin seachas Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath 

  • Contae Chill Chainnigh agus Contae Cheatharlach – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le C.K. Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse KCLR 96FM, le dul in éag ar an 21 Aibreán 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Contae Laoise, Contae Uíbh Fhailí agus Contae na hIarmhí – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le Midlands Community Radio Services Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Midlands 103, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 


Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath 

  • Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath – Seirbhís áitiúil tiomanta ar cheol don aoisghrúpa atá 15-34 bliain d’aois 

Tá an Conradh, le Bauer Audio Ireland Limited ar son Bauer Audio Ireland LP faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Spin 103.8, le dul in éag ar an 5 Aibreán 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath – Seirbhís áitiúil tiomanta ar cheol sainréimse 

Tá an Conradh, le Star Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Sunshine 106.8, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 

Ba cheart do pháirtithe leasmhara Treoir um Léirithe Spéise a léamh go cúramach agus ansin an fhoirm um Léirithe Spéise a chomhlánú ina hiomláine don tseirbhís nó do na seirbhísí ábhartha. Tá na Treoracha agus na Foirmeacha i gcomhair na seirbhísí craolacháin fuaime seo ar fáil  ar na naisc thuasluaite  nó ar iad a iarraidh ó licensing@cnam.ie nó glaoch ar 01 644 1200).  

Ba cheart d’iarratasóirí nua tagairt a dhéanamh don Treoir Tháscach maidir le Ceadúnú Iomaíoch anseo

Aon pháirtithe ar spéis leo léirithe spéise a chur faoi bhráid an Choimisún, déanaidís amhlaidh faoi 12 meán lae Dé Luan, an 20 Bealtaine 2024.  

Ainmníonn Coimisiún na Meán Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán 

Inniu (09.01.24) d’fhoilsigh Coimisiún na Meán, comhlacht nua na hÉireann um rialáil craoltóirí, seirbhísí ar éileamh, agus na meán ar líne, agus um thacú le forbairt na meán, sonraí  a bhaineann le hainmniúchán deich seirbhís mar sheirbhísí ainmnithe ardáin comhroinnte físeán.  

Críochnaíodh an próiseas ainmniúcháin do na seirbhísí seo le linn mhí na Nollag 2023. 

Is iad seo a leanas na seirbhísí ainmnithe: 

Is féidir an dréacht-Chód Sábháilteachta Ar Líne, atá faoi réir comhairliúchán poiblí faoi láthair, a chur i bhfeidhm ar na seirbhísí seo. Beidh an Cód deiridh mar chuid de chreat foriomlán sábháilteachta ar líne na hÉireann. Leis an gcreat sin, beidh réimse seirbhísí ar líne freagrach go dlíthiúil as an gcaoi a gcoimeádann siad daoine sábháilte ar líne. Tá an creat sin bunaithe ar an Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, ar Acht an Aontais Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha agus ar Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. 

CRÍOCH 

Teagmhálaí do na meáin: Joanne Ahern/ Síona Cahill, DHR Communications, Teil: 087-9881837/ 087-7530255 

Gach ceist eile: Coimisiún na Meán, 01-6441200. 

Maidir le Coimisiún na Meán: 

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta Ar Líne agus na Meán, 2022, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil agus éagsúil meán a chinntiú agus a choinneáil ar bun in Éirinn a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht ar líne atá sábháilte. 

Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí: 

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin. 
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh. 
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú. 

Maidir le hainmniúchán: 

Faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta Ar Líne agus na Meán, 2022, tá Coimisiún na Meán freagrach as ardáin comhroinnte físeán a bhfuil a mbunáit AE acu in Éirinn a rialáil.  

De réir an dlí, ceanglaítear ar Choimisiún na Meán seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, a bhfuil a soláthraí faoi dhlínse an Stáit, a ainmniú mar chatagóir seirbhísí a bhféadfar cód sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm orthu. Foilsíodh fógra faoin ainmniú sin ar an 14 Lúnasa 2023 agus tháinig an t-ainmniú i bhfeidhm ar an 11 Meán Fómhair 2023. Ní mór do Choimisiún na Meán freisin aon seirbhís ábhartha ar líne a ainmniú mar sheirbhís ainmnithe a dhealraíonn a bheith ina Sheirbhís Ardáin Comhroinnte Físeán i gcás ina bhfuil soláthraí na seirbhíse sin faoi dhlínse an Stáit.  

Babhta 52 Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaime & Físe Oscailte

Tá Babhta 52 den Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaim & Fís oscailte d’Iarratais. Tá suas le €750,000 ar fáil do thionscadail Sochair Shóisialta do raidió pobail agus teilifíse.

Babhta 52 – Treoir d’Iarratasóirí

Babtha 52 – Foirm Iarratais

Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.cnamonline.ie

Reáchtálfaidh An Coimisiún seimineár gréasáin Zoom d’iarratasóirí ionchasacha ag 12.00 meán lae ar an Déardaoin an 11 Eanáir. Is féidir clárú don seimineár d’iarratasóirí ionchasacha anseo.

Dúnfar an Babhta ag 12 meán lae Déardaoin, 8 Feabhra 2024.

CRÍOCH

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe 

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (09.11.23). 

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla). 

CRÍOCH 

Tabhair faoi deara: 

Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le clár nó feidhmiú stáisiúin ar leith a chur chuig IPSOS MRBI nó chuig an gcraoltóir iomchuí.