Foilsíonn Coimisiún na Meán treoirlínte nuashonraithe maidir le clúdach craolacháin  toghchán

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán a Threoirlínte inniu (30.4.24) maidir le Clúdach Craolacháin Toghchán. Tugtar treoir agus comhairle do chraoltóirí sna Treoirlínte maidir le conas is féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach ina gclúdach ar thoghcháin.

Tá na Treoirlínte á bhfoilsiú roimh na Toghcháin Eorpacha agus Áitiúla agus roimh an toghchán do Mhéara díreach tofa Luimnigh, atá sceidealta a bheith ar siúl ar an 7 Meitheamh seo chugainn. Tagann na Treoirlínte i bhfeidhm ón Máirt an 7 Bealtaine 2024 agus tá feidhm acu maidir le clúdach na dtoghchán go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta an 7 Meitheamh 2024.

Leagtar béim sna Treoirlínte ar chuir chuige éagsúla a d’fhéadfaí a ghlacadh maidir le leithdháileadh am aeir chun iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta a chumhdach chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le ‘domhainbhrionnuithe’. Coinnítear forálacha atá ann cheana a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, leis an toirmeasc ar fhógraíocht pholaitiúil agus le clúdach pobalbhreitheanna.

I measc na nithe eile a dtugtar aghaidh orthu tá ionchuir ar an aer trí na meáin shóisialta agus toirmeasc ar chraoltóirí agus ar láithreoirí a spreagann éisteoirí nó lucht féachana chun vótáil i bhfabhar nó in aghaidh aon toraidh ar leith sna toghcháin. Spreagann na Treoirlínte craoltóirí chun réimse guthanna agus tuairimí a áireamh ina gclúdach, lena n-áirítear meascán de thuairimí a léiríonn éagsúlacht chultúrtha inscne agus shóisialta.

Ag labhairt dó faoi fhoilsiú na dTreoirlínte, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán Choimisiún na Meán: “Tá ról tábhachtach agus luachmhar ag craoltóirí maidir le heolas faoi thoghcháin a chur in iúl do phobal na hÉireann. Baintear é sin amach trí chlúdach atá cruinn, cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta.

“Coinníonn na Treoirlínte an moratóir ar chlúdach toghcháin. Iarrtar leis seo ar chraoltóirí clúdach na dtoghchán a theorannú ó 2pm ar an lá roimh thoghchán nó reifreann agus fanann sé i bhfeidhm go dtí go ndúnfar na pobalbhreitheanna ar lá an toghcháin nó an reifrinn (10in).

“Nuair a rinneadh an t-athbhreithniú reachtúil ar an gCód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha, a sholáthraíonn an bonn do na Treoirlínte, in 2022, d’iarr páirtithe leasmhara an tionscail go follasach go gcuirfí deireadh leis an moratóir agus bhí tuairimí measctha ag páirtithe leasmhara poiblí maidir lena choinneáil nó lena bhaint.  Ag féachaint do na torthaí sin, tá Coimisiún na Meán tiomanta d’athbhreithniú a dhéanamh ar an moratóir craolacháin sa dara leath den bhliain seo, lena n-áirítear tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí. Tá sé beartaithe an t-athbhreithniú seo a chur i gcrích agus Treoirlínte nuashonraithe a fhoilsiú a dhéileálann leis an moratóir i Ráithe 4 2024, má tá údar leis an athbhreithniú.”

  • Na Treoirlínte Maidir le Clúdach Toghchán ar fáil le híoslódáil anseo
     
  • An Cód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht ar fáil le híoslódáil anseo

Bronnann Coimisiún na Meán luach €8.6m de mhaoiniú ar Chraoltóirí agus ar Léiritheoirí Neamhspleácha faoin Scéim Fuaim agus Fís.

Tá €70 milliún curtha ar fáil leis an Scéim le 5 bliana anuas

  • Tacóidh €7.9m chun 65 tionscadal ardchaighdeáin teilifíse agus raidió a dhéanamh ina measc Beochan, Drámaíocht, Cláir Faisnéise, Siamsaíocht, agus Cláir oideachais, agus cuirtear 95% den mhaoiniú seo ar fáil do léiritheoirí neamhspleácha.
  • Tacóidh €706,000 le Craoltóirí Pobail chun cláreagrú lena ngabhann tairbhe shóisialta a chruthú a éascaíonn rochtain níos fearr ar éagsúlacht na bpobal áitiúil in Éirinn agus ionadaíocht níos fearr ar an éagsúlacht sin.

D’fhógair Coimisiún na Meán go ndáilfí maoiniú €8.6m ar Chraoltóirí agus ar Léiritheoirí Neamhspleácha a thiocfaidh chun cinn ó dhá bhabhta de Fhuaim agus Fís 4 le gairid, an scéim Maoinithe Craoltóireachta (‘an Scéim’). Tacaíonn an Scéim le cláreagrú ardchaighdeáin a léiriú i nGaeilge agus i mBéarla, bunaithe ar chultúr agus ar oidhreacht na hÉireann, agus ar thaithí le haghaidh craolacháin ar sheirbhísí teilifíse agus raidió áitiúil agus pobail.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán, “is foinse mhaoinithe ríthábhachtach é Fuaim agus Fís i gcónaí do chraoltóirí agus do léiritheoirí neamhspleácha ó cheann ceann na hÉireann agus líon iomlán an mhaoinithe a dáileadh leis an Scéim os cionn €70 milliún ó bhí 2020 ann. Cuireann maoiniú Fuaim agus Fís borradh faoi earnáil chruthaitheach na hÉireann, rud a chuireann beocht in ábhar teilifíse, raidió agus scannánaíochta i nGaeilge agus i mBéarla araon. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Catherine Martin as ucht na tacaíochta leanúnaí a thug sí don Scéim agus do na hiarratasóirí ar fad a chuir tograí isteach, agus táimid ag tnúth go mór leis na cláir a fheiceáil ar an scáileán agus iad a chloisteáil go deimhin.”

Cuirfidh an riar is déanaí de €8.6 milliún ar chumas léiritheoirí neamhspleácha agus craoltóirí ábhar spéisiúil agus ábhar machnaimh a chruthú a rachaidh i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud na hÉireann. Déanfar ceiliúradh sa chláreagrú a chruthófar ar ár noidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch, leagfar béim ar phobail imeallaithe, agus déanfar iniúchadh ann ar dhearcthaí nach ndéantar mórán ionadaíochta orthu.

Babhta 51

Cuireadh 165 iarratas isteach ag lorg os cionn €18.8m i bhfoirm maoinithe, le machnamh a dhéanamh orthu faoi Bhabhta 51 den scéim Fuaim agus Fís 4, agus bronnadh maoiniú os cionn €7.9m. Cuimsítear leis an mBabhta seo maoiniú státchiste breise a fuair an Teachta Dála Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tacóidh Babhta 51 chun 65 tionscadal teilifíse agus raidió a chruthú do lucht féachana ar fud na tíre, agus leithdháilfear €6.7m ar 27 togra teilifíse, agus os cionn €1.1m le haghaidh 38 léiriúchán raidió. Dírítear sa Bhabhta seo ar chláreagrú faoi chomhionannas inscne, éagsúlacht, agus ionchuimsiú na bpobal agus na nguthanna nua in Éirinn.

Tacóidh beagnach 35% den mhaoiniú molta (€2.7m) le léiriú na dtograí Gaeilge nó Dátheangacha, agus téann 95% den mhaoiniú (€7.4m) go díreach chuig an earnáil léiriúcháin neamhspleách.

Tá siad seo a leanas i measc roinnt tograí suntasacha i mBabhta 51:

  • An Irish Atlantic Rainforest: Cuimseofar leis an gclár faisnéise seo ina bhfuil dhá chuid le Gambit Pictures le haghaidh RTÉ One, bliain i saol na foraoise báistí measartha is mó gan mhilleadh in Éirinn á chruthú ag Eoghan Daltun, in ainneoin géarchéim chomhshaoil agus caillteanas na bithéagsúlachta.
  • This is a Quiet Love/An Grá Ciúin: Tá an clár seo á léiriú ag Curious North le haghaidh TG4, agus cuimseofar leis an gclár faisnéise dátheangach seo, ceithre lánúin atá bodhar agus iad ag insint na scéalta trí theanga chomharthaíochta faoin gcaoi ar casadh ar a chéile iad agus ar an gcaoi ar thit siad i ngrá. Cruthóidh na litreacha grá cineamatagrafacha seo gréasán de thaithí Bhodhar thar thréimhse 70 bliain.
  • Irish Music Month: Is léiriú raidió é seo le haghaidh Hot Press, arna oibriú ag Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI) ina léirítear agus ina ndéantar ceiliúradh ar scoth na gceoltóirí nua, chomh maith le scoth na gceoltóirí atá ag teacht chun cinn ar 21 stáisiún raidió áitiúil tráchtála timpeall na hÉireann.
  • Echo Eco: Is le Newstalk í an tsraith clár seo a mhaireann uair an chloig, agus déanfar iniúchadh iontu ar an athrú aeráide agus ar cheisteanna comhshaoil agus is í an t-eolaí comhshaoil aitheanta an Dr Tara Shine a chuirfidh na cláir i láthair.
  • Blúiríní Osnádúrtha: Is léiriú raidió Gaeilge é seo le haghaidh Raidió na Life ina ndéanfaidh daoine taighde agus taifeadadh ar scéalta taibhsí ó Bhaile Átha Cliath agus ó áiteanna níos faide i gcéin.
  • Alternatyva Alternayvai: Is léiriú teilifíse é seo le haghaidh Dublin Community Television a leanfaidh léiriú ceoldráma agus ceiliúradh á dhéanamh ar chultúr na Liotuáine chomh maith.
  • Video Nasty: Léirithe ag Deadpan Pictures, insíonn an dráma grinn seo scéal triúr déagóirí a théann ar thóraíocht eipiciúil chun bailiúchán cultúir VHS a chríochnú, agus craolfar é ar Virgin Media Television.
  • Adam Loves Adventure: Tá an seó tiomsaithe seo ar théama grinn le haghaidh páistí réamhscoile suite sa spás agus tá an laoch aitheanta Adam King, taiscéalaí spáis réitithe fadhbanna a bhfuil sé mar phríomh-treoir aige a chroí mór agus a chuid scileanna spáis a úsáid chun cabhrú le heachtrannaigh. lena gcuid fadhbanna laethúla. Léirithe ag Kavaleer le craoladh ar RTÉjnr.
  • Grá ar an Trá: Is sraith shiamsaíochta é Grá ar an Trá arna léiriú ag Macalla Teoranta, agus beidh an dara séasúr den tsraith ar siúl ar Virgin Media Television.
  • Am Abú: Is clár Gaeilge nuálach nua do pháistí é seo arna léiriú ag Wonder Pics.  Beidh sé d’aidhm ag an tsraith dhrámaíochta staire seo le haghaidh TG4 litearthacht sna meáin a spreagadh agus is é an chéad léiriúchán é a bhainfidh leas as sreabhadh oibre Réaltachta le Unreal Engine.

Babhta 52

Ba Bhabhta Tairbhe Sóisialta é Babhta 52 d’Fhuaim agus Fís 4 a cuireadh in oiriúint agus treoir aige ó Bheartas Meán Pobail agus an creat Tairbhe Sóisialta a seoladh in 2021.Leithdháileadh an maoiniú faoin mbabhta neamhiomaíoch seo ar Chraoltóirí Pobail a léirigh go leordhóthanach an chaoi a ndéanfaidís éascaíocht níos fearr ar rochtain ar a bpobail féin agus ionadaíocht ar na pobail sin agus an chaoi a gcuideoidís le méadú rannpháirtíocht an phobail maidir le léiriú agus leithdháileadh ábhar craoltóireachta. Díríodh sa bhabhta maoinithe freisin ar Chraoltóirí Pobail go sonrach, craoltóirí a chuireann cláir, deiseanna oiliúna agus forbartha ardchaighdeáin ar fáil do bhaill foirne agus d’oibrithe deonacha an stásiúin.

Tacóidh an maoiniú le réimse gníomhaíochtaí ar fud 19 stáisiún, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  • Cuirfidh Ros FM leis an oiliúint ar thug Fuaim agus Fís maoiniú di roimhe seo agus a chuireann oiliúint ar leibhéal QQI 4 ar fáil do thart ar 20 oibrí deonach.
  • Cuirfidh Athlone Community Radio oiliúint ar leibhéal QQI 3 & 4 ar fáil do bhaill foirne, oibrithe deonacha, agus do ghrúpaí pobail.
  • Úsáidfidh Raidió Pobail Youghal maoiniú chun tabhairt faoi rannpháirtíocht mhéadaithe lena seirbhís pobail áitiúil, St. Raphael’s, áis áitiúil do dhaoine fásta faoi mhíchumas.
  • Úsáidfear an maoiniú le haghaidh Community Radio Castlebar chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a rannpháirtíocht le Spéire Nua, grúpa a oibríonn le hiarchiontóirí agus leis an Involve Youth Project a oibríonn le hógánaigh an Lucht Siúil.
  • Úsáidfidh Flirt FM an maoiniú chun leanúint dá thogra rathúil dar teideal ‘Community Takeover’, a thugann ardán do réimse grúpaí pobail amhail Foróige agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe (Galway Autism Partnership) trí dheis a thabhairt dóibh a gcláir féin a léiriú agus a chur i láthair.

Is é seo an ceathrú Babhta Tairbhe Sóisialta arna oibriú ag an Scéim agus leis sin is é €2.5m luach iomlán an mhaoinithe atá curtha ar fáil do Chraoltóirí pobail go díreach trí na Babhtaí Tairbhe Sóisialta.

Tá liosta de na hIarratais ar éirigh leo le fáil anseo (Babhta 51) & anseo (Babhta 52).

Dáileann Coimisiún na Meán maoiniú de bheagnach €800k chun tacú le réimse gníomhaíochtaí ar na meáin

50 tionscadal tacaithe faoin gClár Foghlama agus Forbartha Earnála agus faoin Scéim Urraíochta

I measc na dtograí a bhfuil maoiniú faighte acu faoi Chlár Foghlama agus Forbartha Earnála agus  Scéim Urraíochta Choimisiún na Meán tá; clár meán cruthaitheach a dhíríonn ar dhaoine óga ó chúlraí faoi ghannionadaíocht, ar ioncam íseal agus de mhionlaigh eitneacha (clár Wideshot de chuid Gorm Media) chomh maith le líonra forbartha de dhaoine cumasacha ag dul i ngleic le heaspa éagsúlachta inscne i dtionscail scáileán na hÉireann (X-Pollinator).

Tacaíonn an dá chlár maoinithe le heagraíochtaí, líonraí agus grúpaí ionadaíocha chun réimse tograí, clár traenála, imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil ar fud earnáil na meán. San iomlán, bronnadh beagnach €800k ar 50 tionscadal i mbliana.

Leithdháileadh €550k faoin gClár Foghlama agus Forbartha Earnála chun cur le hinbhuanaitheacht, cruthaitheacht agus éagsúlacht na meán. Tá maoiniú faighte ag naoi ngréasándéag a dhéanann ionadaíocht ar na meáin tráchtála agus phobail; grúpaí dírithe ar thionscal ar leith cosúil le léiritheoirí, beochantóirí agus iriseoirí; eagraíochtaí abhcóideachta ar inscne, comhionannas agus ionchuimsitheacht, agus ar chur chun cinn na Gaeilge.

Leanfar den tacú le Clár Learning Waves do Chéimithe le hIriseoireacht faoin gClár Foghlama agus Forbartha Earnála in 2024. Bronnann an clár seo intéirneacht ar dheichniúr céimithe iriseoireachta ar fud fad na hÉireann i stáisiún raidió tráchtála áitiúil. Beidh béim leagtha orthu seo a leanas i gclár2024;ábhar nuachta le haghaidh ardáin éagsúla, scríbhneoireacht scripte do nuacht, tuairisciú cúirte agus cur chun cinn agus cruthú ábhair i nGaeilge.

Taobh amuigh de sin, bronnadh níos mó ná €245k de mhaoiniú do 30 iarratasóirfaoi Scéim Urraíochta Choimisiún na Meán.  Tacaíonn seo le himeachtaí agus gníomhaíochtaí atá bainteach leis na meáin atá ag teacht le, agus chun feasacht a mhéadú ar, ról agus obair an Choimisiúin. I measc na n-imeachtaí urraithe tá féilte a chuireann le feiceálacht ábhar closamhairc atá ábhartha ó thaobh cultúir de do lucht féachana na hÉireann, agus searmanais bhronnta a leagann béim ar an tallann agus ar an gcruthaitheacht éagsúil ar fud earnáil na meán.  I measc na n-imeachtaí urraithe a dhíríonn ar ghnéithe eile de chúram Choimisiún na Meán tá ceardlann litearthachta sna meáin, Gradaim na Meán Meabhairshláinte, agus Tionól Páistí agus Daoine Óga ar Bhulaíocht ar Líne.

Ag trácht dó, dúirt Coimisinéir um Fhorbairt na Meán, Rónán Ó Domhnaill: “Tá lúcháir ar Choimisiún na Meán a bheith in ann breis agus trí cheathrú milliún euro a infheistiú chun tacú leis na meáin Ghaeilge tríd an gClár Foghlama agus Forbartha Earnála agus an Scéim Urraíochta i mbliana. Tá na tionscadail mhaoinithe ag teacht lenár n-aidhm chun tírdhreach meán atá rathúil, éagsúil agus sábháilte a fhorbairt. Is tionscadail thar a bheith luachmhar iad seo a oibríonn chun earnáil na meán a shaibhriú dár lucht féachana agus éisteachta.”

Agus Bainisteoir Tionscadail Learning Waves Teresa Hanratty ag labhairt ar an leithdháileadh maoinithe a bhaineann leis, dúirt sí: “Tá an-áthas orainn go bhfuil maoiniú faighte againn arís i mbliana don Chlár do Chéimithe le hIriseoireacht. Tá an-tábhacht ag baint le cláir mhaoinithe agus forbartha an Choimisiúin d’earnáil na meán agus cuireann ár ngradam i mbliana ar ár gcumas leanúint dár gclár intéirneachta, ag cur conair ar fáil d’iriseoirí nua taithí thar a bheith luachmhar a fháil chomh maith le hiriseoirí úra cumasacha a chur ar fáil don earnáil raidió neamhspleách. D’aithin an Institiúid Foghlama agus Forbartha tionchar an chláir ag Gradaim Foghlama agus Forbartha i mí Mheán Fómhair 2023 nuair a bronnadh an Tionscnamh is Fearr um Fhorbairt Céimithe air. Léiríonn an gradam seo an tionchar suntasach atá ag an gclár seo ar chéimithe agus ar stáisiúin ar fud na hEarnála Raidió Neamhspleách in Éirinn.”

Tá liosta iomlán ar fáil anseo d’fhaighteoirí maoinithe a d’éirigh leo in 2024 faoi Chlár Foghlama agus Forbartha Earnála agus Scéim Urraíochta Choimisiún na Meán.

Imeachtaí an Choimisiúin Eorpaigh i gcoinne TikTok mar gheall ar sháruithe féideartha ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an Aontais Eorpaigh

Is eol do Choimisiún na Meán gur thionscain an Coimisiún Eorpach imeachtaí foirmiúla i gcoinne TikTok mar gheall ar sháruithe féideartha ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA). Béarfaidh Coimisiún na Meán cúnamh don Choimisiún Eorpach san imscrúdú seo.

Comhlacht na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán, is ea Coimisiún na Meán. Chuir an Coimisiún fáilte roimh chur i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an Aontais Eorpaigh Dé Sathairn seo a chuaigh thart (17.02.2024). Tá an Gníomh i bhfeidhm go hiomlán in Éirinn anois. Soláthrófar, le DSA, rialacha nua maidir leis an tslí a bpléifidh seirbhísí ar líne le hábhar mídhleathach nó an tslí a gcuirfidh siad a rialacha féin i bhfeidhm.

De réir DSA, is iad atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Ardáin An-Mhór ar Líne agus Innill Chuardaigh An-Mhór ar Líne an Coimisiún Eorpach agus rialtóir Bhallstát an Aontais Eorpaigh ina bhfuil ceanncheathrú AE ag an tseirbhís. As fiche a dó Ardán An-Mhór ar Líne agus Inneall Cuardaigh An-Mhór ar Líne atá ainmnithe go dtí seo, lena n-áirítear TikTok, tá ceanncheathrú AE trí cinn déag díobh in Éirinn.

Tá Coimisiún na Meán ag obair go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach agus le rialtóirí Eorpacha eile agus d’fhreastail sé ar an gcéad chruinniú den Bhord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha inniu (19.02.2024). Grúpa comhairleach neamhspleách is ea an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha. Chuir an Coimisiún Eorpach agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na mBallstát an Bord ar bun chun cinnte a dhéanamh de go gcuirtear DSA i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go bhfuil na cearta céanna ag úsáideoirí ar fud an Aontais Eorpaigh, beag beann ar an áit a bhfuil na hardáin ar líne bunaithe.

Rachfar i gcomhairle leis an mBord i ndáil le forfheidhmiú DSA agus tabharfaidh sé comhairle faoi shaincheisteanna a thagann chun cinn a bhaineann le DSA. Tig leis cur le treoirlínte agus le hanailís fosta. Ina theannta sin, cuideoidh sé le maoirseacht a dhéanamh ar Ardáin An-Mhór ar Líne agus Innill Chuardaigh An-Mhór ar Líne agus eiseoidh sé tuarascálacha bliantúla faoi na mór-rioscaí sistéamacha agus na dea-chleachtais chun iad a mhaolú.