Scéimeanna iriseoireachta
Cuireann na Scéimeanna Iriseoireachta maoiniú ar fáil chun clúdach na n-údarás áitiúil agus na n-éisteachtaí cúirte dúiche agus cuarda a fhorlíonadh agus a fheabhsú, agus don tuairisciú ar ábhair nuachta nach bhfuil soláthar suntasach orthu faoi láthair, nó atá i mbaol nach mbeidh soláthar leordhóthanach orthu. Bunaíodh iad sin tar éis moladh a fháil ón Tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán.
Tacóidh na Scéimeanna le hearnáil na meán agus le hiriseoireacht leasa phoiblí inrochtana ar ardchaighdeán ar fud na hÉireann.
Scéim Tuairiscithe Nuachta
Is é príomhchuspóir na Scéime seo tacaíocht agus neartú a thabhairt do ról ríthábhachtach soláthraithe seirbhísí meán i dtuairisciú ar ábhair nuachta nach bhfuil soláthar suntasach orthu faoi láthair, nó atá i mbaol nach mbeidh soláthar leordhóthanach orthu.
Babhta 1
Stádas: Tá na hiarratais ar oscailt
Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil
Is é príomhchuspóir na Scéime seo a chinntiú go gcuimsíonn na meáin áitiúla tuairisciú ardchaighdeáin ar institiúidí agus údaráis phoiblí, áit a mbreithnítear saincheisteanna atá tábhachtach do shaoránaigh.
Babhta 2
Stádas: Tá na hiarratais ar oscailt
Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna
Is é príomhchuspóir na Scéime seo tacú leis an ról ríthábhachtach atá ag soláthraithe seirbhíse meán i dtuairisciú ardchaighdeáin ar imeachtaí cúirte ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus feabhas a chur air.
Babhta 2
Stádas: Tá na hiarratais ar oscailt
Conas iarratas a dhéanamh
Foilsítear Treoirleabhar d’Iarratais le haghaidh gach babhta maoiniúcháin. Ní mór gach iarratas a chur isteach trínár dtairseach:
Babhtaí maoiniúcháin atá ar na bacáin agus ann faoi láthair
Babhta maoiniúcháin # | Téama/Formáid an Bhabhta | Dáta Oscailte | Dáta Deiridh | Táthar ag súil le Cinntí Maoiniúcháin |
---|---|---|---|---|
1 | Scéim Tuairiscithe Nuachta | 15 Lúnasa 2025 | 23 Meán Fómhair 2025 | TBC |
2 | Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil | 15 Lúnasa 2025 | 23 Meán Fómhair 2025 | TBC |
2 | Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna | 15 Lúnasa 2025 | 23 Meán Fómhair 2025 | TBC |
1 | Scéim Tuairiscithe um Chlaochlú Digiteach | Meán Fómhair 2025 | TBC | TBC |
Cinntí maoinithe le déanaí
Léigh faoi thorthaí ár mbabhtaí maoiniúcháin is déanaí:
Measúnóirí seachtracha
Déanann foirne measúnóirí seachtracha measúnú ar na hiarratais, measúnóirí a roghnaítear bunaithe ar a dtaithí ábhartha agus ar théama nó formáid gach babhta.
Léirithe Spéise le haghaidh Measúnóirí Saineolaithe
Tá Coimisiún na Meán ag iarraidh, ar bhonn leanúnach, iarrthóirí a bhfuil an taithí chuí acu a fhostú chun gníomhú mar Mheasúnóirí Saineolaithe chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais don Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil (LDRS) agus don Scéim Tuairiscithe Cúirteanna (CRS), agus do na Scéimeanna Tuairiscithe um Chlaochlú Digiteach agus Nuacht atá ar na bacáin.