Urraíocht
Tuigeann Coimisiún na Meán an tábhacht a bhaineann leis an réimse tallainne agus cruthaitheachta a aithint agus a chur chun cinn ar fud earnáil meán na hÉireann. Déanaimid urraíocht ar réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis na meáin gach bliain a chuireann le suntasacht agus le hinfheictheacht ábhair atá ábhartha ó thaobh an chultúir de do lucht féachana na hÉireann. Táimid ag tnúth le dul i dteagmháil le raon éagsúil grúpaí chun a gcuid oibre agus ár ról in earnáil na meán a chur chun cinn.
Reáchtálaimid babhta urraíochta gach bliain, ag lorg iarratais chun tacú le raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí meán a bhíonn ar siúl ar fud na tíre a ailíníonn lenár Ráiteas Straitéise agus a chuireann ár gcuid oibre laistigh den earnáil meán chun cinn.
Sainmhíníonn Coimisiún na Meán urraíocht mar:
“ranníocaíocht airgid a thairgtear d’eagraíocht, nó do dhuine aonair, chun críocha tacú le himeacht a chur ar stáitse, seirbhís a sholáthar nó gníomhaíocht a dhéanamh atá i gcomhréir le cuspóirí Choimisiún na Meán, agus toradh sonrach á ionchas.”
Cad is féidir a urrú faoin Scéim?
I measc samplaí d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí urraithe tá féilte meán, searmanais bronnta duaiseanna, agus comhdhálacha agus seimineáir meán.
Cad nach féidir a urrú: Léiriú scannán, clár teilifíse nó raidió, nó taifeadadh podchraoltaí, agus/nó cláir meantóireachta nó oiliúna. Maidir le deiseanna sna réimsí seo, d’fhéadfadh go mbeadh suim agat inár gcláir mhaoinithe eile.
An bhfuil spéis agat iarratas a dhéanamh?
Táimid ag glacadh le hiarratais faoi láthair le haghaidh maoiniú urraíochta d’imeachtaí a bheidh ar siúl sa bhliain 2027.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór gach iarratas a chur isteach trí cnam.submit.com faoin 08 Deireadh Fómhair 2026.
- Léigh ár dTreoir Urraíochta d’Iarratasóirí (PDF)
- Conradh samplach
Cláraigh le haghaidh nuashonraithe nuachta nua chun cloisteáil faoi bhabhtaí maoinithe amach anseo.
Iarratasóirí Urraíochta rathúla le haghaidh 2026
| Iarratasóír | Imeacht | Dámhachtain Maoinithe i bPrionsabal € |
|---|---|---|
| Dingle Animation Festival Ltd | Animation Dingle 2026 | 8,000 |
| The Irish Animation Awards CLG | Animation Ireland Meitheal | 8,000 |
| Choice Music Prize | Choice Music Prize 2026 | 10,000 |
| Cork International Film Festival CLG | Cork International Film Festival 2026 | 10,000 |
| Community Radio Forum of Ireland | CRAOL Community Radio Achievement Awards | 17,700 |
| Fastnet Short Film Festival CLG | Fastnet Film Festival 2026 | 4,000 |
| Féile John Ford CLG | Féile John Ford 2026 | 8,000 |
| Ardán | Fís TV Summit 2026 | 13,000 |
| Fresh Film CLG | Fresh International Film Festival 2026 | 8,000 |
| Galway Film Fleadh CLG | Galway Film Fleadh 2026 | 18,000 |
| Furthr | Creative Calling/Creative Careers 2026 | 15,000 |
| Furthr | Culture Crush 2026 | 8,000 |
| GAZE Film Festival Ltd | GAZE Film Fest 2026 | 6,000 |
| National LGBTQ+ Federation CLG – GCN | GCN GALAs | 5,000 |
| GORM Media DAC | GORM Gathering 2026 | 6,000 |
| Harp Media Ltd | Harp Short Film & Screenplay Competition 2026 | 4,500 |
| Her Sport Media Ltd | Women in Sport Awards & Her Sport Awards 2025 | 6,000 |
| IFTA Academy CLG | IFTA Awards Ceremony & Broadcast 2026 | 40,000 |
| Independent Broadcasters Ireland | IMRO Radio Awards | 23,000 |
| Local Ireland | Local Ireland Media Awards | 10,000 |
| NewsBrands Ireland | Young Journalist Ireland Awards | 10,000 |
| NUJ | Freelance Forum Spring and Autumn 2026 | 6,000 |
| Oireachtas na Gaeilge | Gradaim Chumarsaide an Oireachtais 2026 | 10,000 |
| The Radharc Trust | Radharc Awards 2026 | 6,000 |
| RTS Ireland / RTÉ | Gradaím RTS Television Awards 2026 | 10,000 |
| Shine t/a Schizophrenia Association of Ireland | Mental Health Media Awards 2026 | 10,000 |
| Waterford Slí CLG | Use Your Voice Media Literacy Conference / Follow-on activities | 4,000 |
| Women in Film and Television Ireland CLG | 2026 Women in Film and Television International Summit | 20,000 |
| TU Dublin | Women in Football; Representation, Participation and Futures | 3,000 |
| DIFF Festival Limited CLG | DIFF Media Hub | 7,000 |
| Foriomlán | €314,200 |