Urraíocht
Tuigeann Coimisiún na Meán an tábhacht a bhaineann leis an réimse tallainne agus cruthaitheachta a aithint agus a chur chun cinn ar fud earnáil meán na hÉireann. Déanaimid urraíocht ar réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis na meáin gach bliain a chuireann le suntasacht agus le hinfheictheacht ábhair atá ábhartha ó thaobh an chultúir de do lucht féachana na hÉireann. Táimid ag tnúth le dul i dteagmháil le raon éagsúil grúpaí chun a gcuid oibre agus ár ról in earnáil na meán a chur chun cinn.
Reáchtálaimid babhta urraíochta gach bliain, ag lorg iarratais chun tacú le raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí meán a bhíonn ar siúl ar fud na tíre a ailíníonn lenár Ráiteas Straitéise agus a chuireann ár gcuid oibre laistigh den earnáil meán chun cinn.
Sainmhíníonn Coimisiún na Meán urraíocht mar:
“ranníocaíocht airgid a thairgtear d’eagraíocht, nó do dhuine aonair, chun críocha tacú le himeacht a chur ar stáitse, seirbhís a sholáthar nó gníomhaíocht a dhéanamh atá i gcomhréir le cuspóirí Choimisiún na Meán, agus toradh sonrach á ionchas.”
Cad is féidir a urrú faoin Scéim?
I measc samplaí d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí urraithe tá féilte meán, searmanais bronnta duaiseanna, agus comhdhálacha agus seimineáir meán.
Cad nach féidir a urrú: Léiriú scannán, clár teilifíse nó raidió, nó taifeadadh podchraoltaí, agus/nó cláir meantóireachta nó oiliúna. Maidir le deiseanna sna réimsí seo, d’fhéadfadh go mbeadh suim agat inár gcláir mhaoinithe eile.
Faighteoirí maoinithe rathúla le haghaidh 2025
Iarrthóir | Imeacht / Gníomhaíocht |
---|---|
Royal Television Society | The Gay Byrne Memorial Lecture |
Virgin Media Television | RTE Television Awards |
The Irish Animation Awards CLG | The Irish Animation Awards |
UCC | Broadcast to Podcast conference |
David Reid | Choice Music Prize |
Dublin Business Innovation Centre | Culture Crush 2025 |
Belong to | Better Out Than In campaign |
Dingle Animation Festival Ltd | Animation Dingle |
Dublin International Film Festival | DIFF |
Fresh Film | IYFTY’s Regional Finals | Fresh International Film Festival |
Galway Film Fleadh CLG | Galway Film Fleadh & Fair |
Galway Film Resource Centre | FÍS TV Summit |
Gay Community News | The Galas |
Gorm Media DAC | The GORM Gathering |
Harp Media | Harp Short School Training & Film Competition |
Irish Film Institute | IFI Spotlight & Irish Focus |
IFTA Academy CLG | IFTA Awards Ceremony |
IBI | IMRO Radio Awards |
Kilkenny Animated Festival | Kilkenny Animated Festival |
Her Sport Media Sport Ltd | Her Sport Awards |
NUJ | NUJ Freelance Forum |
Beta Festival Company | Beta Festival |
Catalyst International Film Festival CLG | Catalyst International Film Festival |
IAPI | IAPI conference |
Celtic Media festival Ltd | Celtic media festival |
The Writers Guild of Ireland | Zebbie Awards 2025 |
Athlone Community Radio | Training Workshop on media literacy |
Headline Shine | Mental Health Media Awards |
Fastnet Film festival CLG | Fastnet Film festival |
Local Ireland | Local Ireland Media Awards |
IBI | Radiodays Ireland |
UCD/Athena Media | Telling Climate Stories seminar series |
GAZE | GAZE Film Festival |
An bhfuil spéis agat iarratas a dhéanamh?
Tá iarratais ar mhaoiniú le haghaidh 2025 oscailte anois.