Foghlaim & forbairt
Aithníonn Coimisiún na Meán an tábhacht a bhaineann le hoiliúint, foghlaim agus uas-sciliú dóibh siúd atá ag obair sna meáin, agus luach na rannpháirtíochta leis an earnáil chun riachtanais shonracha a thuiscint agus a réiteach.
Mar rialtóir ní sholáthraímid oiliúint féin, ach táimid tiomanta do thacú le gníomhaíochtaí den sórt sin a ailíníonn lenár Ráiteas Stráitéise agus a chothaíonn cruthaitheacht, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht san earnáil meán.
Clár Oiliúna agus Forbartha na Meán
Tacaíonn ár gClár Oiliúna agus Forbartha na Meán, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2025, le gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha a chuireann aidhmeanna ár Ráitis Straitéise chun cinn chun tírdhreach meán atá inbhuanaithe, ilchineálach agus rannpháirteach a chinntiú, agus a léiríonn agus a mhúnlaíonn cé muid féin mar shochaí.
I gcomhréir lenár mBeartas um Chláir Oiliúna agus Forbartha na Meán oibrímid babhta maoinithe gach bliain agus cuirimid maoiniú ar fáil d’iarratasóirí rathúla chun réimse tionscnamh agus gníomhaíochtaí a sheachadadh chun tacú lena riachtanais oiliúna agus forbartha.
Babhtaí Maoinithe agus Conas Iarratas a Dhéanamh
Glacfaimid le hiarratais don bhabhta maoinithe 2026 ón 14 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 10 Samhain 2025.
Leithdháileadh Maoinithe
Sa bhliain 2025, mhaoinigh an clár Foghlama agus Forbartha Earnála roimhe seo gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha i raon eagraíochtaí lena n-áirítear: