Inbhuanaitheacht

Cuirfimid inbhuanaitheacht i gcroílár an chaoi a ndéanaimid ár spás fisiciúil a bhainistiú agus a áitiú, an chaoi a n-úsáidimid ár n-acmhainní tearca, agus an chaoi a dtacaímid le cleachtais inbhuanaithe a fhorbairt ag na daoine a rialaímid. 

Táimid ar an eolas faoin bhfreagracht atá orainn sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus creidimid go bhfuil sé tábhachtach tionchar léiriú na meán ar an gcomhshaol a laghdú.  

Trí cheannaireacht a thabhairt le dea-shampla, déanfaimid: 

  • oibriú le páirtithe leasmhara chun cur le laghdú ar astaíochtaí carbóin foriomlána na hÉireann, de réir Phlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide;
  • cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn agus a ghlacadh cibé áit is féidir linn, trí thacú lenár bhFoireann Ghlas ár sainordú bliantúil maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach; agus
  • oiliúint agus tacaíocht ghlas a chur ar fáil d’earnáil na meán.  
  • chuireamar isteach ár gcéad Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide a léiríonn ár dtiomantas chun ár dtionchar a laghdú; agus
  • chruthaíomar Foireann Ghlas, ionas gur féidir le comhghleacaithe cur lenár n-iarrachtaí cuideachta agus an eagraíocht a choinneáil cuntasach. 

Ó bunaíodh muid, tá an méid seo a leanas déanta againn: 

  • chuireamar isteach ár gcéad Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide a léiríonn ár dtiomantas chun ár dtionchar a laghdú; agus
  • chruthaíomar Foireann Ghlas, ionas gur féidir le comhghleacaithe cur lenár n-iarrachtaí cuideachta agus an eagraíocht a choinneáil cuntasach. 

Ár gcuid oibre le hearnáil na meán

Tá Coimisiún na Meán ina chomhpháirtí chríoch na hÉireann le haghaidh BAFTA albert, is é sin an phríomheagraíocht tionscail scáileáin um inbhuanaitheacht chomhshaoil. Le chéile, tacóimid le tionscal scannán agus teilifíse na hÉireann chun tionchair an léiriúcháin ar an gcomhshaol a laghdú agus chun ábhar a chruthú a thacaíonn le fís do thodhchaí inbhuanaithe. Tabharfaidh an t-áireamhán carbóin albert deis dúinn lorg carbóin earnáil na meán a thuiscint agus pleananna a chur i bhfeidhm chun é a laghdú sna blianta amach romhainn.

BAFTA Albert logo

Spreagaimid inbhuanaitheacht inár gcleachtais oibre féin agus sa tionscal físe in Éirinn chomh maith. Táimid inár mbaill de Sustainable Media Ireland, ar grúpa é sin a thugann earnáil na meán in Éirinn le chéile chun foghlaim, eolas a chomhroinnt agus oibriú i gcomhpháirtíocht ar thionscnaimh agus feachtais inbhuanaitheachta.

Sustainable Media Ireland

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dheimhniú albert nó chun do Phlean Gníomhaíochta Carbóin léiriúcháin a thosú, téigh chuig ár leathanach maidir le Tionscal Inbhuanaitheachta . Is féidir ceisteanna tionscail a bhaineann le ALBERT a sheoladh chuig  [email protected].