Scéim na Meán Pobail

Cuireann Scéim na Meán Pobail maoiniú ar fáil chun rannchuidiú na hearnála meán pobail i leith an tsochair shóisialta a neartú.

Is é príomhchuspóir na Scéime seo tacú le hearnáil meán pobail atá inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus rannpháirtíoch, a sholáthraíonn sochar sóisialta agus a chothaíonn saoránacht ghníomhach.

An babhta maoiniúcháin reatha

Leithdháileadh €1 mhilliún ar Scéim na Meán Pobail in 2026 a bhuí le maoiniú ón Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin, TD.