Iolrachas na meán a thuiscint
Tá roinnt cumhachtaí, feidhmeanna agus freagrachtaí ag Coimisiún na Meán chun an tsaoirse cainte a chosaint agus chun tacú le meáin éagsúla atá neamhspleách ó thaobh eagarthóireachta de.
Cad is iolrachas na meán ann?
Ciallaíonn iolrachas na meán gur féidir le daoine faisnéis a fháil ó fhoinsí éagsúla ina gcuirtear tuairimí éagsúla in iúl, ionas gur féidir leo teacht ar a dtuairim féin.
Is coincheap seanbhunaithe i réimse chearta an duine é, atá nasctha leis an gceart chun saoirse cainte. Aithnítear meáin shaora agus iolraíocha mar cholúin den daonlathas nua-aimseartha, rud a fhágann gur féidir faisnéis a scaipeadh agus an chumhacht a thabhairt chun cuntais.
Cén fáth a bhfuil iolrachas na meán tábhachtach?
Tá ról ag na meáin maidir le faisnéis iontaofa agus dearcthaí éagsúla a chur ar fáil. Is féidir leis na meáin rannpháirtíocht i sochaithe daonlathacha, cuimsiú sóisialta agus meas ar an éagsúlacht a chur chun cinn. Fágann rochtain ar raon guthanna agus tuairimí nach mbíonn tionchar rómhór ag aon fhoinse faisnéise amháin ar dhaoine.
Mar dhuine den phobal, má bhíonn rochtain agat ar fhoinsí éagsúla meán, is féidir leat faisnéis a chur i gcomparáid idir foinsí agus léargas níos iomláine a fháil.
Is maith an rud é an prionsabal ‘Stad, Smaoinigh agus Seiceáil’ a chur i bhfeidhm ar an bhfaisnéis a léann agus a fheiceann tú. Má bhíonn tú in ann raon foinsí meán a sheiceáil, tugann sé sin níos mó smachta duit agus cuireann sé ar do chumas teacht ar do thuairim féin.
Ár mBeartas um Iolrachas na Meán
Mínítear inár mBeartas um Iolrachas na Meán an tuiscint atá againn ar iolrachas na meán agus an chaoi a dtreoraíonn iolrachas na meán an obair a dhéanaimid.
Cuidíonn an Beartas linn tírdhreach na meán a rialáil, a fhorbairt agus tacú leis ionas go mbeidh sé:
- inbhuanaithe, iolraíoch agus rannpháirteach;
- ag tacú leis an daonlathas agus le luachanna daonlathacha; agus
- léiríonn agus múnlaíonn sé cé muid féin mar shochaí.
Leagtar amach sa Bheartas:
- Ár ról maidir le hiolrachas na meán a chur chun cinn agus a chosaint;
- Ár bhfís, ár gcuspóirí agus na torthaí inmhianaithe;
- Raon táscairí chun ár gcuid oibre amach anseo a threorú, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
- inmharthanacht seirbhísí meán
- comhchruinniú i margaí na meán
- ionadaíocht in ábhar na meán.
Chun iolrachas na meán a chosaint agus a chur chun cinn, leagtar amach sa Bheartas freisin tábhacht na nithe seo a leanas:
- meáin seirbhíse poiblí
- iriseoireacht atá ar ardchaighdeán agus neamhspleách
- rogha eolasach agus rochtain ar na meáin
- nuálaíocht agus cuimsiú i dtírdhreach na meán.