Fuaim & Fís
Is scéim mhaoinithe í Fuaim & Fís 4 do chraoltóirí agus do léiritheoirí neamhspleácha a mhaoiníonn léiriú clár ar ardchaighdeán faoi chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann agus cláir chun litearthacht aosach a fheabhsú.
Babhta 61: Oscailte anois
Fáiltímid roimh iarratais mhaoinithe ó léiritheoirí neamhspleácha agus ó chraoltóirí chun tacú le cruthú ábhar craolta d’ardchaighdeán, ábhar a léiríonn cultúr, oidhreacht, teanga agus éagsúlacht na hÉireann, agus le hábhair i nGaeilge a chruthú.
Tá na treoirlínte d’iarratais ábhartha agus na foirmeacha iarratais do Bhabhta 61 ar fáil anois ar www.cnamonline.ie nó trí iad a lorg ó [email protected]
Ní mór gach iarratas a chur isteach trínár dtairseach ar líne.
Dúnfar an bhabhta seo ag 12 meán lae, Déardaoin an 16 Iúil 2026.
Seimineár Gréasáin
Beidh seimineár gréasáin do dhaoine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar siúl ar MS Teams ag 12 meán lae, Déardaoin, an 11 Meitheamh 2026.
Is féidir le hiarratasóirí clárú don ócáid.
Babhta 60: Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte Oscailte
Tacóidh an babhta maoinithe seo, atá mar chuid den Chiste Meán Oileán Chomhroinnte agus á rith faoin Scéim Fuaim & Fís, le cláir teilifíse agus raidió a léiríonn taithí na bpobal ar fud an oileáin, agus na hoidhreachtaí éagsúla agus comhroinnte atá acu, agus a chuireann aidhmeanna an Chiste Meán Oileán Chomhroinnte i bhfeidhm.
Fáiltíonn muid roimh iarratais mhaoinithe ó léiritheoirí neamhspleácha agus ó chraoltóirí.
Cuirfear €4 milliún ar fáil sa bhabhta seo de Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte chun cláracha ar ardchaighdeán a chruthú a chuireann malartú cultúrtha chun cinn, a dhéanann iniúchadh ar oidhreacht an oileáin, agus a spreagann comhoibriú trasteorann.
Tá na treoirlínte d’iarratais ábhartha agus na foirmeacha iarratais do Bhabhta 60 seo ar fáil anois ar www.cnamonline.ie ní tríd iad a iarrfaidh ar ríomhphost ag [email protected].
Ní mór gach iarratas a chur isteach trí ár dtairseach ar líne.
Dúnfar an bhabhta ag 12 meán lae an 2 Iúil 2026.

Babhtaí maoiniúcháin reatha
| Babhta maoinithe | Dáta oscailte | Dáta dúnta | Dáta na gcinntí |
|---|---|---|---|
| 59 – Babhta Sochar Sóisialta | 12 Márta 2026 | 23 Aibreán 2026, 12pm | Faoi deireadh Mheithimh 2026 |
| 60 – Babtha Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte | 21 Bealtaine 2026 | 2 Iúil 2026, 12pm | Faoi dheireadh Mheán Fómhair 2026 |
| 61 – Babhta oscailte | 4 Meitheamh 2026 | 16 Iúil 2026, 12pm | Faoi dheireadh Dheireadh Fómhair 2026 |
| 62 – Babhta oscailte | Deireadh Fómhair | Samhain | Faoi dheireadh Márta 2027 |
Foilseofar an teolas cuí do na babhtaí seo ar shuíomh gréasáin Choimisiúin na Meán agus ar shuíomh na niarratas, www.cnamonline.ie ar an dáta oscailte.
Is treoir amháin iad na dátaí thuas agus d’fhéadfadh siad athrú. Déanfar aon athruithe a nuashonrú ar an leathanach gréasáin seo. Ba chóir d’iarratasóirí a chinntiú go ndeimhníonn siad na dátaí ábhartha don bhabhta. Ní mór gach iarratas a chur isteach trí ár dtairseach ar líne.
Cinntí maoinithe le déanaí
Léigh faoi thorthaí ár mbabhtaí maoiniúcháin is déanaí:
- Babhta 58: €6.4 milliún | Féach an liosta d’fhaighteoirí maoinithe
- Babhta 57: €742,000
- Babhta56: €6.5 milliún
- Babhta 55: €7.1 milliún
- Babhta 54: €4 milliún
- Babhta 53: €10 milliún
- Babhta 52 agus 51: €8.6 milliún
- Babhta 50: €2.4 milliún
Measúnóirí seachtracha
Déanann foirne measúnóirí seachtracha measúnú ar na hiarratais, measúnóirí a roghnaítear bunaithe ar a dtaithí ábhartha agus ar théama nó formáid gach babhta.
Tionscadail a maoiníodh roimhe seo
Ó 2020 i leith, thacaigh an Scéim le léiriú níos mó ná 900 tionscadal. Féach ar roinnt dár n-ábhar a maoiníodh le déanaí thíos — is féidir leat cliceáil ar gach íomhá chun iad a shruthlú:
Tuilleadh eolais
Is féidir ceisteanna faoin Scéim a sheoladh chuig [email protected]