Rialuithe tuismitheoirí
Níor ceapadh an t-idirlíon do pháistí. Dar le Cód Sábháilteachta Ar Líne na hÉireann, ní mór d’ardáin comhroinnte físeán atá lonnaithe in Éirinn agus ar ceadmhach, de réir a gcuid téarmaí agus coinníollacha, do dhaoine faoi bhun 16 bliana d’aois úsáid a bhaint as a suíomh, rialúcháin tuismitheoirí a bheith acu.
Cosnaíonn siad sin páistí ar inneachar a bheadh míchuí ó thaobh aoise de a fheiceáil, amhail pornagrafaíocht nó foréigean follasach nó iomarcach.
Más mian leat níos mó eolais a fháil ar na rialúcháin tuismitheoirí ar ardáin éagsúla comhroinnte físeán, is féidir leat níos mó a léamh ina dtaobh trí na naisc thíos. Ar roinnt ardán, d’fhéadfadh sé gur ghá duit a bheith logáilte isteach chun teacht ar an eolas seo.
Naisc chuig rialúcháin tuismitheoirí ar ardáin
Áiseanna sábháilteachta do thuismitheoirí (Ní mór duit a bheith logáilte isteach chun an t-ionad teaghlaigh a fheiceáil.)
TikTok
Conas gearán a dhéanamh
Faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne, ba cheart na rialúcháin tuismitheoirí ar ardáin ainmnithe comhroinnte físeán a bheith éasca le haimsiú agus éasca le húsáid. Má fheictear duit nach bhfuil sé sin amhlaidh, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh faoi agus faoi aon cheisteanna comhlíontachta eile a bhaineann leis an tsábháilteacht ar líne.
Is féidir gearáin a dhéanamh go díreach leis na hardáin. Mura mbíonn tú sásta ina dhiaidh sin, is féidir teagmháil a dhéanamh freisin le hionad comhairle Choimisiún na Meán. Bímid i gcónaí ag iarraidh tuiscint a fháil ar cé acu atá nó nach bhfuil na rialacha á gcomhlíonadh ag ardáin.
Ar na samplaí de bhealaí inar féidir gearán a dhéanamh le hardáin, bheadh:
YouTube

Áiseanna breise maidir le rialúcháin tuismitheoirí
Chun forléargas a fháil ar na cineálacha éagsúla rialúcháin tuismitheoirí atá ann agus ar an gcaoi a n-oibríonn siad, b’fhéidir gurbh fhiú duit dul chuig an leathanach seo ar Webwise – Sábháilteacht ar líne – Conas Rialúcháin Tuismitheoirí a shocrú.
Tá bileoga pdf ar rialúcháin tuismitheoirí ar fáil freisin tríd an gClár Sábháilteachta Ar Líne ó Barnardos agus Cybersafekids.
Le teagmháil a dhéanamh, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó spléachadh a thabhairt ar shuíomh gréasáin Cyberkids.
Séanadh: Cuimsíonn an leathanach gréasáin seo eolas a fhéachann leis an bpobal a chur ar an eolas faoi shocruithe agus sásraí gearáin a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ar ardáin éagsúla agus ar bhonn níos ginearálta. Is chun críche léirithe amháin atá an fhaisnéis seo, ní chuimsíonn sí aon chomhairle dlí agus ní léiríonn sí dearcthaí Choimisiún na Meán, lena n-áireofaí aon dearcthaí i dtaobh chomhlíonadh riachtanais rialála an Chóid Sábháilteachta Ar Líne ná aon rialachán agus dlíthe eile. Déanfaimid iarracht an fhaisnéis seo a choinneáil chomh cabhrach agus chomh cothrom le dáta agus is féidir.