Cinntí maidir le gearáin

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh má chreideann tú go bhfaca tú, nó gur chuala tú, rud a craoladh nó a cuireadh ar fáil ar sheirbhís físeáin ar éileamh nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin reachtúla a leagtar amach i gCuid 3B den Acht Craolacháin, 2009 agus den Acht um Rialáil na Meán Eile, 2022, agus/nó i gcód nó riail maidir le seirbhís meán

Is é ról Choimisiún na Meán maidir le gearáin gearán a bhreithniú agus ceann de na cinntí seo a leanas a dhéanamh: 

  • é a tharchur lena láimhseáil ag an gcraoltóir ábhartha nó ag an soláthraí físeáin ar éileamh;   
  • diúltú dó (in imthosca áirithe); nó  
  • é a bhreithniú chun imscrúdú a dhéanamh air.

Sa chás go bhfuil gearán le breithniú le haghaidh imscrúdaithe, ní cinneadh é seo go ndearnadh sárú ar chaighdeáin reachtúla agus/nó rialála sa ghearán nó go bhfuil údar le himscrúdú. 

Tá na critéir don chinneadh seo leagtha amach ar Conas a phléann an Coimisiún le gearáin leis. . 

I gcás aon cheisteanna nár freagraíodh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag: 01 963 7755 nó [email protected]

Ceanglaítear orainn fógra maidir lena chinneadh i ndáil le do ghearán a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. Tá cinntí  maidir le gearáin go dtí seo liostaithe anseo.

Is féidir breathnú ar chinntí gearán a rinne an tÚdarás Craolacháin, eagraithe de réir bliana: 2019, 2020. 2021, 2022.

Bunaíodh socruithe idirthréimhseacha le halt 69 den Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 chun gearáin a láimhseáil, ar gearáin iad a rinneadh sular bunaíodh Coimisiún na Meán an 15 Márta 2023, ach nach raibh cinneadh déanta ina leith, nár tarraingíodh siar ná nár réitíodh iad faoin dáta sin.  Féach ar na cinntí sin maidir leis na gearáin idirthréimhseacha (PDF).

Gearáin Craolacháin & Físeáin-ar-Éileamh
Tuarascáil Léargais

Tá gearáin ag teacht isteach ón bpobal i dtaobh cúrsaí craolacháin agus físeáin ar éileamh ó bunaíodh muid i mí an Mhárta 2023. Anois, táimid tar éis Tuarascáil Léargais a chur le chéile i dtaobh gearáin a fuarthas agus a ndearnadh cinneadh ina leith idir 2023 agus deireadh na bliana 2025.

Bunachar sonraí de chinntí maidir le gearáin

Rinneadh an bunachar sonraí a nuashonrú go deireanach le cinntí dar dáta an 29.05.2026

CAS-01415 

Clár:
Fógra do Leathanbhanda Gigighiotáin Snáthoptaice Eir
Craoladh/ Seirbhís ‘Físeán ar Éileamh’:
Newstalk 106-108FM
Dáta craolta/arna rochtain:
16.03.2023
Reacht agus/nó cód rialála:
An Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála: Prionsabal 1 – Dínit an Duine, Col agus Díobháil,agus, Riail 4.1 & 5.4
Cur Síos Gairid:
Maíodh sa ghearán go raibh eolas míthreorach maidir le leathanbhanda cábla san fhógra agus go ndearnadh nithe gan chruthú a mhaíomh agus comparáid á déanamh idir leathanbhanda snáthoptaice agus cábla.
Toradh:
Referred
Cinneadh an Choimisiúin:
An gearán a chur faoi bhráid an chraoltóra lena bhreithniú faoina Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil, de bhun alt 48(3) den Acht Craolacháin 2009, arna leasú.
Dáta Chinneadh an Choimisiúin:
10.07.2024

CAS-01416

Clár:
Scoreline
Craoladh/ Seirbhís ‘Físeán ar Éileamh’:
KCLR FM
Dáta craolta/arna rochtain:
26.03.2023
Reacht agus/nó cód rialála:
An Cód Caighdeán Clár: Prionsabal 5 – Meas a Léiriú ar Dhaoine agus ar Ghrúpaí sa tSochaíAlt 46J(1)(a)(d) den Acht Craolacháin 2009, arna leasú. 
Cur Síos Gairid:
Maíodh sa ghearán go ndearna an úsáid a baineadh as teanga faoi leith sa chraoladh díobháil agus col míchuí ar bhonn creidimh. 
Toradh:
Dismissed
Cinneadh an Choimisiúin:
Diúltú don ghearán - (de bhun Alt 48(4)(a) den Acht Craolacháin 2009, arna leasú) 
Dáta Chinneadh an Choimisiúin:
10.07.2024

CAS-01438

Clár:
The Ray Foley Show
Craoladh/ Seirbhís ‘Físeán ar Éileamh’:
Today FM
Dáta craolta/arna rochtain:
21.04.2023
Reacht agus/nó cód rialála:
Code ofAn Cód Caighdeán Clár: Prionsabal 5 – Meas a Léiriú ar Dhaoine agus ar Ghrúpaí sa tSochaíAlt 46J(1)(d) den Acht Craolacháin 2009, arna leasú.
Cur Síos Gairid:
Maíodh sa ghearán go ndearna láithreoir an chláir trácht seineafóibeach faoi náisiúntacht duine.
Toradh:
Referred
Cinneadh an Choimisiúin:
An gearán a chur ar aghaidh go dtí duine údaraithe le go mbreithneofar é lena imscrúdú (de bhun Alt 48(5)() den Acht Craolacháin 2009, arna leasú) 
Dáta Chinneadh an Choimisiúin:
10.07.2024
Authorised Person's Decision:
Cinneadh an Duine Údaraithe: Tá cúis drochamhrais ann gur sháraigh an craoltóir/an soláthraí ábhartha físeáin ar éileamh an reacht ábhartha agus/nó cód nó riail seirbhíse meán, ach an t-ábhar a réiteach trí dhul i mbun plé leis an gcraoltóir/leis an soláthraí ábhartha físeáin ar éileamh.
Authorised Person's Decision Date:
20.08.2025

CAS-04137

Clár:
Liveline
Craoladh/ Seirbhís ‘Físeán ar Éileamh’:
RTÉ Radio 1
Dáta craolta/arna rochtain:
13.03.2013
Reacht agus/nó cód rialála:
An Cód Caighdeán Clár: Prionsabal 6 – Leas an Phobail a ChosaintAlt 46J(1)(b) den Acht Craolacháin 2009, arna leasú. 
Cur Síos Gairid:
Maíodh sa ghearán go ndearna plé maidir le ciondíothú cat an pobal a spreagadh nó a ghríosú le cion a dhéanamh. 
Toradh:
Dismissed
Cinneadh an Choimisiúin:
Diúltú don ghearán - de bhun Alt 48(4)(a) den Acht Craolacháin 2009, arna leasú
Dáta Chinneadh an Choimisiúin:
10.07.2024