Tuarascáil Léargais 2023-2025
Tá gearáin ag teacht isteach ón bpobal i dtaobh cúrsaí craolacháin agus físeáin ar éileamh ó bunaíodh muid i mí an Mhárta 2023. Anois, táimid tar éis Tuarascáil Léargais a chur le chéile i dtaobh gearáin a fuarthas agus a ndearnadh cinneadh ina leith idir 2023 agus deireadh na bliana 2025.
Tugaimid cuntas thíos ar chuid de na príomhthorthaí.
Cé na seirbhísí a bhfuil daoine ag gearán fúthu?
Baineann 97% de na gearáin a rinne an pobal le hinneachar arna chur amach ag craoltóirí raidió agus teilifíse.

Ó bhí mí an Mhárta 2023 ann, bhain formhór na ngearán le cláir raidió agus theilifíse, agus níor bhain ach 3% díobh le hinneachar ar sheirbhís físeán ar éileamh (VOD).
Gearáin de réir cineál seirbhíse – Raidió 56%, Teilifís 41%, Físeán ar éileamh 3%
An ceart chun gearáin a dhéanamh faoi inneachar ar sheirbhís VOD, amhail RTÉ Player, Seinnteoir TG4, Apple TV agus Virgin Media Player, tugadh isteach sa dlí in 2023 é. Chun tuilleadh eolais a fháil air sin, féach ár rannán Rud a chonaic mé ar an teilifís, ar fhíseán ar éileamh nó a chuala mé ar an raidió.
Cén t-inneachar a bhfuil daoine ag gearán faoi?
Bhain 77% de na gearáin leis an nuacht agus le cúrsaí reatha. I measc na n-údar imní coitianta bhí ‘cothroime’, ‘claonadh’ agus ‘cruinneas’.

Is féidir le daoine as an bpobal gearán a dhéanamh faoi na cineálacha inneachair seo a leanas:
- Nuacht agus cúrsaí reatha: Is éard is clár nuachta ann, de gnáth ná tuairisciú bunaithe ar fhíricí maidir le himeachtaí nua ar díol suntais iad. In inneachar cúrsaí reatha, de gnáth cuimsítear agus dírítear ar chur is cúiteamh agus anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna lena mbaineann díospóireacht nó conspóid i measc an phobail ag an am sin
- Caighdeáin ghinearálta um chlársceidealú: Ní ceadmhach inneachar clársceidealúcháin ginearálta a bheith ina chúis le cion míchuí, díobháil, gríosú chun fuatha nó foréigin, ná gríosú chun coireachta nó cur chun cinn na coireachta. Baineann caighdeáin ghinearálta um chlársceidealú le príobháideacht, cosaint leas an phobail agus meas do dhaoine agus do ghrúpaí sa tsochaí freisin. Tá feidhm aige sin maidir leis an nuacht agus le cúrsaí reatha freisin.
- Cumarsáid tráchtála agus Fógraíocht: Is ann do chaighdeáin ghinearálta maidir le cumarsáid tráchtála mar aon le teorainneacha ama fógraíochta, agus caighdeáin maidir le fógraíocht pholaitiúil agus reiligiúnach, urraíocht agus suíomh táirgí.
Ní bhfuarthas aon ghearáin bhailí faoi Sheirbhísí Rochtana ná teorainneacha ama fógraíochta. Tá sé de cheart ag lucht féachana agus éisteachta gearán a dhéanamh faoi Sheirbhísí Rochtana. D’fhéadfadh soláthar clár le fotheidealú, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus/nó Tráchtaireacht Fuaime a bheith i gceist leis sin.
Gearáin de réir cineál inneachair – Cúrsaí reatha 51%, Nuacht 26%, Clársceidealú ginearálta 20%, Cumarsáid tráchtála 3%/p>
Próiseas láimhseála gearán
Cuirtear gach uile ghearán trí thrí chéim ar leith mar a leagtar amach thíos:
1: Bailíocht
Nuair a fhaightear gearán, déantar athbhreithniú tosaigh lena chinntiú go gcuimsítear an fhaisnéis ábhartha uile. Cuirtear ar aghaidh chuig an gCoimisiún Cinnteoireachta ansin é (comhlacht cinnteoireachta Choimisiún na Meán).
2. Athbhreithniú an Choimisiúin Cinnteoireachta
Measann an Coimisiún Cinnteoireachta an t-ábhar uile atá ábhartha don ghearán, agus cinneann sé cibé acu é a chur ar aghaidh nó diúltú dó. Nuair a chuirtear gearán ar aghaidh chuig an gcraoltóir / soláthraí VOD, spreagtar an gearán a réiteach ag an bhfoinse.
3. Cinneadh iniúchadh a dhéanamh
Más rud é gur cuireadh an gearán ar aghaidh, déanann ‘duine údaraithe’ cinneadh ansin i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil cúis ann le bheith in amhras go bhfuiltear ag sárú ar na caighdeáin – agus má tá – cibé acu iniúchadh a dhéanamh nó gan é a dhéanamh.
Conas gearán a dhéanamh
Glacadh le 186 gearán agus rinneadh cinneadh ina leith in imeacht na tréimhse tuairiscithe.

Bhain 100% de na gearáin a fuarthas laistigh den tréimhse tuairiscithe le caighdeáin inneachair.
- Chun na sonraí iomlána a fháil maidir le conas gearán a dhéanamh, féach ár rannán Rud a chonaic mé ar an teilifís, ar fhíseán ar éileamh nó a chuala mé ar an raidió.
- Má bhíonn deacracht agat rochtain a fháil ar sheirbhís meán closamhairc, féach ár rannán Deacracht maidir le rochtain a fháil ar sheirbhís meán closamhairc.