Conas is féidir liom tuairisciú d’ardáin?

Ní mór bealaí inrochtana soláimhsithe a bheith ag ardáin chun ábhar mídhleathach a thuairisciú.

Agus ábhar mídhleathach á thuairisciú agat, beidh ort an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach ionas go mbeidh dóthain faisnéise ag an ardán chun an tuairisc a phróiseáil:  

  • Cén fáth a gcreideann tú go bhfuil an t-ábhar mídhleathach 
  • Suíomh an ábhair, e.g. an URL beacht/na URLanna beachta
  • D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist, ach amháin i gcásanna ábhair a bhaineann le hÁbhar Mí-Úsáide Gnéasaí Leanaí (CSAM)
  • Ráiteas lena ndeimhnítear go gcreideann tú go hionraic go bhfuil ábhar an fhógra cruinn agus iomlán

Chun ábhar a sháraíonn téarmaí agus coinníollacha an ardáin a thuairisciú, is gnách go mbeidh ort cineál eile tuairisce a chur isteach agus beidh ort a shonrú cad iad na téarmaí agus coinníollacha/caighdeáin phobail a sáraíodh. Uaireanta, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ábhar díobhálach mídhleathach ach is féidir é a thuairisciú nuair a sháraíonn sé téarmaí agus coinníollacha an ardáin. 

Treoracha maidir le tuairisciú ar líne

D’fhorbraíomar treoracha mionsonraithe céim-ar-chéim faoi chonas ábhar díobhálach agus mídhleathach a thuarisiciú d’ardáin éagsúla. Taispeánann na treoracha seo an turas iomlán faoi conas tuairisciú ar líne. Beidh an suíomh seo uasdátaithe go rialta agus beidh treoracha eile ag teacht.

Ní mór d’ardáin pointe teagmhála aonair a bheith acu atá soláimhsithe agus a ligeann d’úsáideoirí modhanna cumarsáide a roghnú, nach féidir a uathoibriú go hiomlán. Ní mór an pointe teagmhála aonair a chur ar fáil go poiblí, ní mór rochtain éasca a bheith air agus ní mór é a choinneáil cothrom le dáta. 

Díospóidí le hardáin

Má bhíonn tú i ndíospóid le hardán, tá tú i dteideal Comhlacht deimhnithe um Réiteach Díospóidí Lasmuigh den Chúirt (Comhlacht ODS) a roghnú chun an díospóid a réiteach. D’fhéadfaí a áireamh ar dhíospóidí tuairiscí nár réitíodh trí chórais tuairiscithe inmheánacha an ardáin. 

Ceanglaítear ar Chomhlachtaí ODS deimhnithe a gcinntí a chur ar fáil duit agus don ardán laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an gearán a fháil. I gcás díospóidí an-chasta, féadfaidh an Comhlacht ODS deimhnithe síneadh 90 lá breise a chur leis an tréimhse 90 lá. 

Má chinneann an Comhlacht ODS an díospóid i d’fhabhar, ceanglaítear ar an ardán na táillí go léir a ghearrann an Comhlacht ODS a íoc agus aon chostais réasúnta eile a aisíoc leat. 

Má chinneann an Comhlacht ODS an díospóid i bhfabhar an ardáin, ní cheanglaítear ort aon táillí ná costais eile a d’íoc an t-ardán i ndáil le réiteach na díospóide a aisíoc, mura gcinneann an Comhlacht ODS gur ghníomhaigh tú de mheon mímhacánta.

Ní mór d’ardáin a chinntiú go leagann a gcomhéadan ar líne béim ar an bhféidearthacht rochtain a fháil ar Chomhlacht ODS deimhnithe. Féadfaidh ardáin diúltú dul i dteagmháil le Comhlacht ODS má réitíodh díospóid cheana féin agus úsáid á baint as an bhfaisnéis chéanna agus as na forais chéanna maidir le mídhleathacht líomhnaithe nó neamh-chomhoiriúnacht ábhair.

Comhlachtaí ODS Deimhnithe

Deonaíodh deimhniú Chomhlacht ODS don Ionad Eorpach um Achomhairc (ACE) ar feadh tréimhse 5 bliana, ón 26 Meán Fómhair 2024 go dtí an 26 Meán Fómhair 2029. Is é an réimse saineolais dár deonaíodh an deimhniú cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú théarmaí agus choinníollacha na n-ardán ar líne. Is cuideachta é ACE atá cláraithe in Éirinn.