Mo chearta ar líne 

Tá ról tábhachtach ag Coimisiún na Meán maidir le do chearta a chosaint ar líne. Chun tuiscint a fháil ar na cearta atá agat, breathnaigh ar an bhfíseán thíos. 

Creat Sábháilteachta Ar Líne

A bhuí len Creat Sábháilteachta Ar Líne an Choimisiúin, tá rialacha ann anois chun a chinntiú go gcosnaítear leanaí agus daoine fásta ar ábhar díobhálach nó mídhleathach ar líne. De réir an dlí, ní mór d’ardáin na nithe seo a leanas a dhéanamh:  

  • É a dhéanamh éasca ábhar díobhálach agus mídhleathach a thuairisciú ar líne 
  • Ligean duit achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh mura bhfuil tú sásta leis an toradh 
  • Gnéithe sábháilteachta do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn m.sh. rialúcháin tuismitheoirí 

Mura bhfuil na rudaí seo i bhfeidhm ag ardán, is féidir leat tuairisc a thabhairt don Choimisiún.  

An ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh 

Cé go gcaithfimid a bheith aireach faoin méid a deirimid ar líne agus gan díobháil a dhéanamh do dhaoine eile, tá sé ríthábhachtach i sochaí daonlathach an tsaoirse a bheith agat tuairimí a nochtadh agus cloisteáil ó ghuthanna éagsúla. Tá an ceart agat chun saoirse tuairimí a nochtadh agus má thógann ardán rialaithe do phostáil nó d’fhíseán anuas agus mura míníonn sé cén fáth, níl sé sin ceart go leor. Má tharlaíonn a leithéid, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh ar chinneadh an ardáin. Mura dtarlaíonn aon rud nó mura bhfaigheann tú freagra, is féidir leat tuairisc a thabhairt don Choimisiún.

An ceart a bheith cosanta ar dhíobháil 

Tá sé de cheart agat a bheith sábháilte agus cosanta ar dhíobháil, agus cuirtear an spás ar líne san áireamh leis sin. Ní fhágann sé seo nach bhfeicfeá rudaí riamh ar líne nach n-aontaíonn tú leo nó a d’fhéadfadh cur isteach ort. Cuireann an Creat Sábháilteachta Ar Líne oibleagáid ar ardáin an riosca don phobal, agus go háirithe do leanaí, a laghdú i dtaobh ábhar díobhálach nó mídhleathach a fheiceáil ar líne. Anois, ní mór d’ardáin mhóra áirithe measúnuithe riosca a dhéanamh dá seirbhís. Mar riail ghinearálta, ní mór d’ardáin ar líne a chinntiú go bhfuil siad níos trédhearcaí maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na halgartaim. Ba cheart dóibh roghanna a thabhairt i dtaobh córais moltaí (fothaí ‘duitse’) agus ba cheart go mbeadh eolas acu ina gcuid Téarmaí agus Coinníollacha maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na halgartaim.

An ceart chun faisnéise

Agus tú ag clárú le hardán nua a úsáideann daoine óga den chuid is mó, mar dhuine óg, tá sé de cheart agat ‘faisnéis’ (nó ‘eolas’) faoi Théarmaí agus Coinníollacha a fháil ar bhealaí a thuigeann tú. Ba cheart go mbeadh sé éasca teacht orthu seo agus ba cheart iad a bheith scríofa ar bhealach atá soiléir duit. 

Cosaintí speisialta do leanaí   

Cuireann na dlíthe atá mar chuid den Chreat Sábháilteachta Ar Líne tábhacht ar leith ar a chinntiú go gcosnaítear tusa, mar dhuine óg, ar ábhar díobhálach ar líne. Ar ndóigh, má fheiceann tú rud éigin uafásach nó mí-oiriúnach, níl aon dul as agus d’fhéadfadh tionchar diúltach buan a bheith aige seo ort. Cuireann na rialacha seo oibleagáidí ar ardáin mhóra áirithe (a gceadaíonn a dtéarmaí seirbhíse d’úsáideoirí faoi 16 bliana d’aois an tseirbhís a úsáid) a chinntiú go bhfuil rialúcháin tuismitheoirí ar fáil ionas go mbeidh níos mó smachta ag tuismitheoirí ar a bhfeiceann a leanbh ar an ardán. Ní mór go mbeadh beartais shoiléire ag ardáin áirithe ar líne maidir le dearbhú aoise, chun a chinntiú nach bhfaigheann na daoine faoi 18 mbliana d’aois rochtain ar ábhar atá míchuí ó thaobh aoise de.

B’fhéidir go gceapann tú go bhfuil go leor de na meicníochtaí sábháilteachta seo ann cheana féin ar na hardáin éagsúla ar líne. Is é an difríocht atá ann anois go bhfuil siad ann de réir dlí agus nach mór d’ardáin iad a úsáid. Mura n-úsáideann, is féidir leat é seo a thuairisciú don Choimisiún agus déanfaidh foireann an Choimisiúin an scéal a fhiosrú leis na hardáin éagsúla. Iarrfaidh siad eolas agus tuairiscí uathu agus féadfaidh siad a chinneadh imscrúdú a dhéanamh fiú má fhaigheann siad go bhfuil ardáin ag briseadh na rialacha sin. Fágann sé seo go léir go bhfuil ardáin cuntasach anois, agus oibríonn an Coimisiún chun a chinntiú gur áit níos fearr do chách é an t-idirlíon.