Cé hiad Coimisiún na Meán?

Is é Coimisiún na Meán rialtóir na meán in Éirinn.

Féach ar na trí fhíseán ghairide inár sraith Taobh Thiar de na Scáileáin a dhéanann cur síos ar cé muid féin, an ról atá againn, an fáth an bhfuil rialáil na meán tábhachtach agus an fáth ar mhaith linn cloisteáil uait.

Eagrán 1: Cé hiad Coimisiún na Meán?

Eagrán 2: Cén fáth a bhfuil gá le rialáil na mean?

Eagrán: Cén fáth ar mhaith linn cloisteáil uait?

Táimid freagrach as forbairt agus rialáil a dhéanamh ar thírdhreach meán atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa. Cinntíonn an Coimisiún go mbíonn meascán de ghuthanna, de thuairimí agus d’fhoinsí éagsúla nuachta sna meáin in Éirinn, ina measc sin raidió, teilifís agus meáin ar líne.

Is é post an Choimisiúin freisin a sheiceáil go mbíonn craoltóirí, soláthraithe físeáin ar éileamh agus ardáin ar líne ag leanúint na rialacha agus na gcód atá leagtha síos dóibh. Mura mbíonn, is féidir leat é seo a thuairisciú do Choimisiún na Meán.

Cé na craoltóirí, na soláthraithe físeáin ar éileamh agus na hardáin ar líne a bhfuil tú ag caint fúthu?

Craoltóirí 

Tagraíonn craoladh d’ábhar ar nós cláir ar an teilifís nó ar an raidió. Ina measc sin tá craoltóirí meán seirbhíse poiblí (teilifís agus raidió) in Éirinn (RTÉ, TG4) agus seirbhísí neamhspleácha craolacháin (m.sh. Virgin TV nó Spin FM).  

Físeán ar éileamh  

Le seirbhísí físeáin ar éileamh, is féidir leis an lucht féachana breathnú ar chláir aon uair is mian leo, mar shampla Apple TV nó RTÉ Player. 

Ardáin ar Líne

Rialaíonn an Coimisiún ardáin ar líne atá bunaithe in Éirinn. Tá Creat Sábháilteachta Ar Líne ag an gCoimisiún atá comhdhéanta de thrí dhlí a chuireann ar chumas an Choimisiúin an post seo a dhéanamh. Is iad sin an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus Meán, lenar cruthaíodh an Cód ceangailteach Sábháilteachta ar Líne (OSC), agus Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne (TCOR).  

  • Faoin DSA, rialaíonn an Coimisiún ISPanna (soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha), ach VLOPanna (ardáin an-mhór ar líne) agus VLOSEnna (innill chuardaigh an-mhór ar líne) freisin. Tá forluí idir na hardáin seo ar líne.  
  • Faoin OSC, rialaíonn an Coimisiún ardáin comhroinnte físeán atá lonnaithe in Éirinn amhail X, Instagram, Facebook, Pinterest, Udemy, LinkedIn, Reddit, TikTok, Tumblr agus YouTube. 
  • Faoin TCOR, rialaíonn an Coimisiún Soláthraithe Seirbhísí Óstála (HSPanna) atá lonnaithe in Éirinn. Léiríonn an ghrafaic chabhrach thíos é seo.