Scéimeanna iriseoireachta

Cuireann na Scéimeanna Iriseoireachta maoiniú ar fáil chun clúdach na n-údarás áitiúil agus na n-éisteachtaí cúirte dúiche agus cuarda a fhorlíonadh agus a fheabhsú, agus don tuairisciú ar ábhair nuachta nach bhfuil soláthar suntasach orthu faoi láthair, nó atá i mbaol nach mbeidh soláthar leordhóthanach orthu.

Léirithe Spéise le haghaidh Measúnóirí Saineolaithe

Tá Coimisiún na Meán ag iarraidh, ar bhonn leanúnach, iarrthóirí a bhfuil an taithí chuí acu a fhostú chun gníomhú mar Mheasúnóirí Saineolaithe chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais don Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil (LDRS) agus don Scéim Tuairiscithe Cúirteanna (CRS), agus do na Scéimeanna Tuairiscithe um Chlaochlú Digiteach agus Nuacht atá ar na bacáin.

Scéim Tuairiscithe Nuachta

Is é príomhchuspóir na Scéime seo tacaíocht agus neartú a thabhairt do ról ríthábhachtach soláthraithe seirbhísí meán i dtuairisciú ar ábhair nuachta nach bhfuil soláthar suntasach orthu faoi láthair, nó atá i mbaol nach mbeidh soláthar leordhóthanach orthu.

Stádas: Tairiscintí maoinithe fógartha.

Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil

Is é príomhchuspóir na Scéime seo a chinntiú go gcuimsíonn na meáin áitiúla tuairisciú ardchaighdeáin i leith institiúidí agus údaráis phoiblí, lena mbreithnítear saincheisteanna atá tábhachtach do shaoránaigh.

Stádas: Tairiscintí maoinithe fógartha.

Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna

Is é príomhchuspóir na Scéime seo tacú le ról ríthábhachtach soláthraithe seirbhíse meán agus é a fheabhsú maidir le tuairisciú ag iriseoirí oilte ar imeachtaí cúirte ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

Stádas: Tairiscintí maoinithe fógartha.

Na babhtaí maoiniúcháin atá ann faoi láthair

Leithdháileadh €10 milliún san iomlán ar na Scéimeanna Iriseoireachta in 2025 a bhuí le maoiniú ón tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin, TD. Clúdaíonn an maoiniú seo deontais agus costais riaracháin na Scéime. 

Cinntí maoinithe le déanaí:

Tuilleadh eolais