Treoir: Conas tuairisciú
Trí ábhar díobhálach agus mídhleathach a thuairisciú, cuidíonn tú le spás níos sábháilte a chruthú ar líne. Breathnaigh ar ár bhfíseán mínúcháin síos chun a thuiscint an dhá bhealach éagsúil chun ábhar mídhleathach nó díobhálach a thuairisiciú ar líne.
Físeán míniúcháin: Ábhar mídhleathach v díobhálach
Treoracha céim-ar-chéim
Chun an turas iomlán a thuiscint faoi conas tuairisciú ar líne, chruthaíomar na treoracha seo faoi chonas ábhar mídhleathach agus díobhálach a thuairisciú d’árdáin éagsúla. Beidh an suíomh seo uasdátaithe go rialta agus beidh treoracha eile ag teacht, breathnaigh ar ais go minic chun níos mó treoracha a aimsiú. Más mian leat aiseolas a thabhairt dúinn faoi na treoracha seo, seol ríomhphost go [email protected].
YouTube
X
TikTok
Séanadh: Cuireann na treoracha seo eolas agus samplaí ar fáil chun cabhrú leis an bpobal na modhanna tuairiscithe ar ardáin éagsúla agus conas tuairisciú a thuiscint. Níl sé d’aidhm ag na háiseanna seo cur síos a dhéanamh ar dhualgais na n-ardán faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne, ach léiríonn siad cad a thuigeann muid faoi cad a tharlaíonn faoi láthair ar ha hardáin seo. Léirithe amháin atá iontu, ní comhairle dlí iad agus ní léiríonn siad tuairimí ná barúlacha Choimisiún na Meán, lena n-áirítear cibé an gcomhlíonann na modhanna tuairiscithe na ceanglais rialála ábhartha nó nach gcomhlíonann. Ó am go ham, d’fhéadfadh modhanna tuairiscithe athrú agus déanfaimid iarracht na treoracha seo a choinneáil cothrom le dáta.
Tuilleadh eolais
Ba cheart córas tuairiscithe chuig árdán ar líne a bheith so-aimsithe agus so-usáidte. Muna bhfuil, ba mhaith linn cloisteáil uait. Is féidir tuilleadh eolais faoi seo a fháil inár rannán faoi conas Tuairisc & gearán a dhéanamh, chomh maith le heolas faoi cad is féidir a thuairisciú go Coimisiún na Meán.