An Scéim um Chlaochlú Digiteach
Cuireann an Scéim um Chlaochlú Digiteach (DTS) maoiniú ar fáil chun tacú le heagraíochtaí meán le nuálaíocht a dhéanamh agus aistriú chuig timpeallacht na faisnéise digiteacha. Bunaíodh an scéim ar mholadh ó Thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán.
Is é príomhchuspóir na Scéime tacú le Soláthraithe Ábhar Seirbhíse Poiblí chun bogadh i dtreo samhlacha digiteacha inbhuanaithe. Cinntíonn sé seo inmharthanacht fhadtéarmach d’ábhar seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán, a bheidh neamhspleách, iontaofa, inrochtana agus éagsúil.
Babhtaí maoiniúcháin reatha
Rinneadh €3 mhilliún a leithdháileadh don Scéim um Chlaochlú Digiteach in 2025 a bhuíochas le maoiniú arna chur ar fáil ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D.
Tá Babhta 1 oscailte anois go dtí 24 Deireadh Fómhair 2025.
An nuacht is déanaí
Faigh eolas faoi sheoladh na Scéime um Chlaochlú Digiteach:
Léiriú spéise do Mheasúnóirí seachtracha
Tá Coimisiún na Meán ag lorg iarrthóirí a bhfuil an taithí chuí acu, ar bhonn leanúnach, chun gníomhú mar Mheasúnóirí Saineolaithe. Déanfaidh siad measúnú ar iarratais ar dheontais faoin Scéim um Chlaochlú Digiteach, an Scéim Tuairiscithe Nuachta, an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil, agus an Scéim Tuairiscithe Cúirteanna.
Tuilleadh eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim nó chun foghlaim faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar ár leathanach Tionscail faoin Scéim um Chlaochlú Digiteach.