Rialtóir Digiteach: Coimisiún na Meán

Is é Coimisiún na Meán gníomhaireacht na hÉireann chun tírdhreach meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialú.

Is muidne an rialtóir meán neamhspleách atá freagrach as craoltóirí, soláthraithe físeán ar éileamh agus ardán ar líne atá lonnaithe in Éirinn a rialáil.

Táimid tiomanta do chearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint, agus a chinntiú go gcuireann ár dtírdhreach meán le sochaí oscailte dhaonlathach. Tá cosaint an chirt chun saoirse cainte mar bhonn agus taca faoi gach réimse dár gcuid oibre.

Táimid freagrach as Creat Sábháilteachta ar Líne na hÉireann. Leis an gcreat tábhachtach seo, beidh seirbhísí digiteacha freagrach as an gcaoi a dtugann siad cosaint do dhaoine, go háirithe leanaí, ó dhíobháil ar líne.

Déanaimid maoirseacht ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeán ar éileamh in Éirinn. Áirítear lenár bhfeidhmeanna rialála Meáin na Seirbhíse Poiblí a rialáil, seirbhísí craoltóireachta a cheadúnú, gearáin ó lucht féachana agus ó éisteoirí a láimhseáil, agus na Cóid agus Rialacha a fhorbairt.

Tacaímid le hearnáil na meán in Éirinn trí réimse leathan gníomhaíochtaí chun cabhrú le hábhar a fhorbairt le haghaidh luchtanna féachana/éisteachta Éireannacha a léiríonn agus a mhúnlaíonn sochaí na hÉireann. Áirítear leis seo scéimeanna maoinithe, cur chun feidhme chláir foghlama agus forbartha earnála, agus oibriú le craoltóirí chun an comhionannas inscne, cothromas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht in earnáil meán na hÉireann a chur chun cinn go leanúnach.

Sonraí teagmhála

Tá ár nIonad Teagmhála ar fáil chun comhairle a thabhairt do bhaill an phobail maidir le deacrachtaí a bhí acu ar ardán ar líne. Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó glaoch a chur ar an Ionad Teagmhála ag +353 1 9637755 (Luan-Aoine 8a.m. go 6p.m.).

  • Má thagann tú ar ábhar mídhleathach nó díobhálach ar ardán, ba cheart duit an t-ábhar a thuairisciú don ardán atá i gceist ar dtús.
  • Má fheiceann tú ábhar a chreideann tú a bheith ina bhagairt ar shaol nó ar shábháilteacht duine, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála ag 112.

Samplaí de na rudaí gur féidir leat a thuairisciú dúinn:

  • ceisteanna maidir le teagmháil a dhéanamh le hardán, ábhar a thuairisciú d’ardán, nó gearán a dhéanamh le hardán;
  • ceisteanna maidir le hábhar atá á bhaint, cuntais ar fionraí; 
  • ceisteanna maidir le fógraíocht ar líne; 
  • córais moltaí / sruthanna ‘duitse’; 
  • téarmaí agus coinníollacha an ardáin nach bhfuil cosaint leanaí mar chuid díobh.