Rialtóir Digiteach: CCS
Is é CCS (an Coimisiún um Chosaint Sonraí) an t-údarás náisiúnta cosanta sonraí in Éirinn.
Tá siad freagrach as a chinntiú go n-úsáideann cuideachtaí do shonraí pearsanta i gcomhréir le dlíthe cosanta sonraí. Is é an dlí is iomráití a dhéanann siad a rialáil ná an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, nó RGCS. Tá cumhachtaí acu freisin a bhaineann le creata rialála eile atá tábhachtach chomh maith lena n-áirítear na Rialacháin maidir le R-Príobháideachas in Éirinn (2011) agus an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí.
Díríonn CCS go sonrach ar chosaint do chuid sonraí pearsanta. Is ionann sonraí pearsanta agus faisnéis ar bith a chabhraíonn le duine fios a bheith acu cé tú féin, mar shampla, d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist, nó grianghraf nó físeán díot. Is féidir le faisnéis maidir lena gcuardaíonn tú ar líne nó na cineálacha postálacha a dtugann tú ‘is maith liom’ dóibh ar na meáin shóisialta a bheith i gceist leo fiú.
Áirítear le príomhthascanna CCS:
- gearáin ó dhaoine aonair a bhfuil cúiseanna imní acu maidir leis an gcaoi a bhfuil a gcuid sonraí pearsanta in úsáid a láimhseáil;
- tabhairt faoi fhiosrúcháin agus fiosruithe maidir le cuideachtaí bheith ag cloí le dlíthe cosanta sonraí;
- comhoibriú a dhéanamh le húdaráis cosanta sonraí i mBallstáit eile AE;
- treoir a chur ar fáil d’eagraíochtaí, cuideachtaí agus an pobal maidir leis an dea-chleachtas sa chosaint sonraí.
Ag dul i dteagmháil le CCS
Má chuaigh tú i dteagmháil le heagraíocht maidir le ceist a bhain le sonraí pearsanta agus mura bhfuil tú sásta leis an toradh, is féidir leat an cheist a ardú le CCS trína fhoirm ar líne nó trí ríomhphost a chur chuig [email protected].
Seo roinnt samplaí de ghearáin a fhaigheann sé:
- Lorg mé cóip den fhaisnéis ar fad fúm atá ag suíomh gréasáin a d’úsáid mé ach níl siad do mo fhreagairt – céard iad na cearta atá agam?
- Tá ríomhphoist mhargaíochta nár iarradh á bhfáil agam go leanúnach ó chuideachta, ach níor thug mé toiliú dóibh riamh teagmháil a dhéanamh liom. Rinne mé iarracht diúltú do ríomhphoist mhargaíochta ach tá an chuideachta á gcur chugam fós – céard is féidir liom a dhéanamh?
- Ba mhaith liom mo chuntas meán sóisialta agus na sonraí pearsanta gaolmhara ar fad a scriosadh – céard iad na cearta atá agam ina thaobh seo?
- Chuir club spóirt grianghraif de mo pháiste ar líne i ngan fhios dom – céard is féidir liom a dhéanamh faoi seo?
- Roinneadh mo chuid taifead leighis le hothar eile trí thimpiste – céard is féidir liom a dhéanamh faoi seo?
Téigh chuig https://www.dataprotection.ie/ga le haghaidh tuilleadh faisnéise.