Nuacht & Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála

Tacóidh an Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche le hábhar seirbhíse poiblí i bhformáid chláir closamhairc a chuireann lucht féachana agus éisteachta ar an eolas agus a thugann cumhacht do shochaí dhaonlathach.

Is iad seo a leanas cuspóirí na Scéime:

  • Éagsúlacht Iolrachta agus Éagsúlacht Ábhair a Fheabhsú: Deis a thabhairt do theilifís tráchtála neamhspleách a cumas a fheabhsú chun tuilleadh ábhair seirbhíse poiblí atá ar ardchaighdeán a sheachadadh. Is é sin, ábhar a chuireann le tuiscint an phobail ar chúrsaí gnóthaí poiblí agus a fheabhsaíonn réimse na bhfoinsí agus éagsúlacht ábhair seirbhíse poiblí do lucht féachana, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge.
  • An Daonlathas a Chosaint agus a Fheabhsú: An deis a thabhairt do theilifís tráchtála neamhspleách acmhainní a dhíriú ar dhul i ngleic le saincheisteanna a bhfuil ríthábhacht leo agus a thacaíonn le daonlathas sláintiúil, lena n-áirítear gnóthaí poiblí agus bréagaisnéis/mífhaisnéis. Cuireann sé tacaíocht ar fáil le méadú ar infhaighteacht ábhair seirbhíse poiblí atá iontaofa agus ar ardchaighdeán a éascú. Is é sin, ábhar a chuireann an lucht féachana agus éisteachta ar an eolas faoi phríomh-shaincheisteanna agus imeachtaí a bhfuil tionchar acu ar a saol, agus ábhar a fheabhsaíonn an dioscúrsa poiblí.

Babhtaí maoiniúcháin reatha

Rinneadh €3 mhilliún a leithdháileadh don Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche in 2025 a bhuíochas le maoiniú arna chur ar fáil ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D.

Tá an Scéim oscailte anois go dtí 09.12.2025.

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim nó chun foghlaim faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar ár leathanach tionscail & gairmithe.