Maoiniú do litearthacht sna meáin
Tá sainchúram reachtúil ag Coimisiún na Meán maidir le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur chun cinn. Measaimid gur aistear foghlama fad saoil í an litearthacht sna meáin. D’fhéadfadh deiseanna maoinithe a bheith ar fáil do thionscadail agus do thionscnaimh atá i gcomhréir lenár mBeartas um Litearthacht sna Meáin [Béarla] (PDF) agus réimsí tosaíochta eile
Litearthacht sna Meáin le Dul i gCoinne na Bréagaisnéise
Is fadhb í an bhréagaisnéis atá ag dul i méid. In 2026, sheolamar glao ar iarratais maidir le maoiniú le haghaidh tionscnaimh shonracha um litearthacht sna meáin. Cuireadh €200,000 ar fáil ar an iomlán chun maoiniú a dhéanamh ar eagraíochtaí ar féidir leo gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise (NCDS) chun cabhrú le dul i ngleic le héifeachtaí díobhálacha na bréagaisnéise.
Ba é seo an chéad cheann de dhá ghlao a bhí le heisiúint in 2026 agus tá sé dúnta anois. Léigh faoi chuid dár gcinntí maoinithe a rinneadh le déanaí.
An Micri-chiste agus an Ciste Nuálaíochta um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise
Tá Coimisiún na Meán ag lorg iarratas ar mhaoiniú deontais le haghaidh tionscnaimh litearthachta sna meáin faoina Mhicri-Chiste um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise agus faoina Chiste Nuálaíochta um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise.
Tá €100,000 san iomlán ar fáil d’eagraíochtaí ar féidir leo gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise (NCDS), a foilsíodh an 17 Aibreán 2025. Seo an dara ceann de dhá ghlao a eisíodh in 2026. Tá Snáithe A agus Snáithe B i gceist leis an nglao seo ar iarratais.
Snáithe A: An Micri-Chiste um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise
Féachfar i Snáithe A le micridheontais a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí pobalbhunaithe litearthachta sna meáin, agus luach na ndeontas idir €500 agus uasmhéid €3,000 in aghaidh an iarratais.
Cuirtear fáilte faoi Shnáithe A roimh iarratais ó eagraíochtaí agus comhlachtaí atá fréamhaithe i bpobail (grúpaí pobail agus deonacha, lena n-áirítear Comhordaitheoirí Leathanbhanda in Údaráis Áitiúla, Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla agus cláir oiliúna pobail). Ba cheart an maoiniú a fhaightear a úsáid chun gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a fhorbairt, a éascú, a fheabhsú nó a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil.
Cad is féidir a mhaoiniú nó tacú leis faoin nglao seo?
Tá sé d’aidhm ag an gciste seo tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí pobail agus deonacha chun gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a chur ar fáil go pearsanta. Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil go pearsanta in Éirinn agus ní mór iad a bheith saor in aisce do rannpháirtithe. Tá iarratais ó gach contae ar fud na tíre á lorg.
Snáithe B: An Ciste Nuálaíochta um Litearthacht sna Meáin le Cur i gCoinne na Bréagaisnéise
Féachfar i Snáithe B le deontais suas le huasmhéid €25,000 in aghaidh an iarratais a chur ar fáil do thionscadail nuálaíochta chomhoibríocha.
Tá Snáithe B dírithe ar iarratais ó chuibhreannas ar bith ina bhfuil dhá chomhlacht nó níos mó. Ba cheart an maoiniú a fhaightear a úsáid chun cur i gcoinne na bréagaisnéise trí ghníomhaíochtaí litearthachta sna meáin ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta.
Tá iarratais do 2026 dúnta anois.
Tuilleadh eolais
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le deiseanna maoinithe do litearthacht sna meáin, téigh chuig ár leathanach maoinithe tionscail do litearthacht sna meáin.