Scéimeanna iriseoireachta

Cuireann na Scéimeanna Iriseoireachta maoiniú ar fáil chun clúdach na n-údarás áitiúil agus na n-éisteachtaí cúirte dúiche agus cuarda a fhorlíonadh agus a fheabhsú. Bunaíodh iad sin tar éis moladh a fháil ón Tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán. Tacóidh na Scéimeanna le hearnáil na meán agus le hiriseoireacht leasa phoiblí inrochtana ar ardchaighdeán ar fud na hÉireann.

Léirithe Spéise le haghaidh Measúnóirí Saineolaithe

 Tá Coimisiún na Meán ag iarraidh, ar bhonn leanúnach, iarrthóirí a bhfuil an taithí chuí acu a fhostú chun gníomhú mar Mheasúnóirí Saineolaithe chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais don Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil (LDRS) agus don Scéim Tuairiscithe Cúirteanna (CRS), agus do na Scéimeanna Tuairiscithe um Chlaochlú Digiteach agus Nuacht atá ar na bacáin.

Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil

Is é príomhchuspóir na Scéime seo a chinntiú go gcuimsíonn na meáin áitiúla tuairisciú ardchaighdeáin i leith institiúidí agus údaráis phoiblí, lena mbreithnítear saincheisteanna atá tábhachtach do shaoránaigh.

Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna

Is é príomhchuspóir na Scéime seo tacú le ról ríthábhachtach soláthraithe seirbhíse meán agus é a fheabhsú maidir le tuairisciú ag iriseoirí oilte ar imeachtaí cúirte ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

Na babhtaí maoiniúcháin atá ann faoi láthair

Leithdháileadh €6 milliún ar na Scéimeanna Iriseoireachta in 2024 a bhuí le maoiniú a fuair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD. Clúdaíonn an maoiniú seo deontais agus costais riaracháin na Scéime.

Cinntí maoinithe le déanaí:

Babhta 1: €5.7m maoinithe 

Tuilleadh eolais

Is féidir ceisteanna faoin Scéim a sheoladh chuig [email protected]