Foghlaim & forbairt

Aithníonn Coimisiún na Meán an tábhacht a bhaineann le hoiliúint, foghlaim agus uas-sciliú dóibh siúd atá ag obair sna meáin, agus luach na rannpháirtíochta leis an earnáil chun riachtanais shonracha a thuiscint agus a réiteach.

Mar rialtóir ní sholáthraímid oiliúint féin, ach táimid tiomanta do thacú le gníomhaíochtaí den sórt sin a ailíníonn lenár Ráiteas Stráitéise agus a chothaíonn cruthaitheacht, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht san earnáil meán.

Clár Oiliúna agus Forbartha na Meán

Tacaíonn ár gClár Oiliúna agus Forbartha na Meán, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2025, le gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha a chuireann aidhmeanna ár Ráitis Straitéise chun cinn chun tírdhreach meán atá inbhuanaithe, ilchineálach agus rannpháirteach a chinntiú, agus a léiríonn agus a mhúnlaíonn cé muid féin mar shochaí.

I gcomhréir lenár  mBeartas um Chláir Oiliúna agus Forbartha na Meán oibrímid babhta maoinithe gach bliain agus cuirimid maoiniú ar fáil d’iarratasóirí rathúla chun réimse tionscnamh agus gníomhaíochtaí a sheachadadh chun tacú lena riachtanais oiliúna agus forbartha. 

Leithdháileadh Maoinithe

Faighteoirí maoinithe rathúla le haghaidh 2026

Iarratasóir
Catalyst International Film Festival
Cultural & Creative Industries Skillnet
CPC Creative Services
CRAOL
Creative Europe Dublin
Creative Europe Galway
Community Television Association
Disability Participation news Hub
DV4 Training & Event Services
Emerging Limerick Filmmakers
EurAV
Film Ireland
Harp Media
Immersive Ireland Training & Productions Limited
Learning Waves Journalism Graduate Programme
Learning Waves Training Activities
Local Ireland
Near TV
Screen Producers Ireland
Storyhouse
University College Cork
University of Limerick
Writers Guild of Ireland
Women In Film & Television
Women On Air
X -Pollinator
Gorm Media
IFTA

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le deiseanna maoinithe Clár Oiliúna agus Forbartha na Meán, téigh chuig ár leathanach maidir leis an Tionscal Foghlama & Forbartha.