Áiseanna ginearálta
De réir taighde déanta ag Coimisiún na Meán, bhí nach mór 60% de na hiarrthóirí san olltoghchán agus nach mór leath na n- iarrthóirí sna toghcháin áitiúla ar a ndearnadh suirbhé orthu thíos le hiompar diúltach ar líne le linn an olltoghcháin agus na dtoghchán áitiúil i 2024.
I gcomhar le páirtithe leasmhara, cosúil leis An Garda Síochána (AGS), chruthaíomar na pacáistí eolais seo lena chur ar chumas gairmithe éagsúla déileáil le mí-úsáid ar líne má fheiceann siad í.
Pacáiste d’Iriseoirí
Is bagairt é ar shaoirse cainte nuair a dhírítear mí-úsáid ar líne ar iriseoirí. Is í an phríomhtheachtaireacht atá againn d’iriseoirí ná nach páirt den phost iad bagairtí nó mí-úsáid agus ba cheart dóibh ábhar mídhleathach agus díobhálach ar líne a thuairisciú.
Sa phacáiste eolais seo, a rinneamar i gcomhar leis An Garda Síochána agus Ceardchumann Náisiúnta na n-Iriseoirí (NUJ), breathnaítear ar chásanna féideartha a théann i bhfeidhm ar iriseoirí maidir le mí-úsáid ar líne, tugtar treoir dóibh conas tacaíocht a fháil agus taispeántar conas ráitis dhrochídeacha a thuairisciú chuig ardáin éagsúla.
Pacáiste d’Iarrthóirí Toghcháin
Ba bhliain an-ghnóthach é 2024 i dtaca le toghcháin anseo in Éirinn agus ar fud an domhain. Chuireamar an pacáiste eolais seo le chéile chun dul i ngleic leis an mí-úsáid a dhírítear ar iarrthóirí toghcháin – claonadh atá ag éírí níos coitianta.
Trí chásanna féideartha a phlé, tugaimid comhairle faoi cad is féidir le hiarrthóirí a dhéanamh chun iad féid a chosaint má fheiceann siad ábhar mídhleathach nó díobhálach ar líne. D’fhéadfadh an pacáiste eolais seo a bheith úsáideach roimh an toghchán uachtaránachta i 2025.