Scéim na Meán Pobail
Cuireann Scéim na Meán Pobail maoiniú ar fáil chun rannchuidiú na hearnála meán pobail i leith an tsochair shóisialta a neartú.
Is é príomhchuspóir na Scéime seo tacú le hearnáil meán pobail atá inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus rannpháirtíoch, a sholáthraíonn sochar sóisialta agus a chothaíonn saoránacht ghníomhach.
An babhta maoiniúcháin reatha
Leithdháileadh €1 mhilliún ar Scéim na Meán Pobail in 2026 a bhuí le maoiniú ón Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin, TD.
- Léigh faoi sheoladh Scéim na Meán Pobail
- Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim nó chun a fháil amach conas iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar ár leathanach don tionscal maidir le Scéim na Meán Pobail.