Eolas do dhaltaí

Is é ceann de phríomhthosaíochtaí Choimisiún na Meán ná páistí agus daoine óga a chosaint ar ábhar díobhálach agus mídhleathach ar líne. Tuigimid más rud é go bhfeiceann páiste rud éigin díobhálach ar líne, ní féidir leo gan é a fheiceáil agus is féidir go mbeadh tionchar buan orthu mar gheall ar seo.

Bunaíodh Coimisiún na Meán i mí Márta 2023, agus ó shin i leith, tá rialacha agus dlíthe nua ann chun leanaí a chosaint ó dhíobháil ar líne.  

Breathnaigh ar ár bhfíseán faoi do chearta faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne agus caith súil ar ár gCeisteanna Coitianta ag Scoláirí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na rialacha nua seo agus faoin gcaoi a bhfuil siad ag iarraidh ardáin ar líne a fheabhsú, féach ar leathanach an Chreata Sábháilteachta ar Líne.

Má tá tú buartha faoi rud éigin a chonaic tú ar líne, nó má tá tú ag iarraidh ábhar a thuairisiciú ar líne, féach ar ár leathanach tuairiscithe. Is féidir freisin dul i dteagmháil le hionad teagmhála an Choimisiúin trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]. 

Má tá ceisteanna eile agat faoi cé muid féin nó cad a dhéanamid, féach thíos ár gceisteanna coitianta do dhaltaí. Má tá ceisteanna fós agat, is féidir leat dul i dteagmháil linn ag [email protected] .

Ceisteanna Coitianta ag Scoláirí

Gheobhaidh tú freagraí anseo ar roinnt ceisteanna coitianta ó dhaoine óga maidir le ról Choimisiún na Meán. Díríonn na ceisteanna seo ar scoláirí Pholaitíocht agus Sochaí na hArdteistiméireachta go háirithe, ach d’fhéadfadh sé go mbeidís úsáideach do scoláirí OSSP, OSPS agus Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha chomh maith.  

Séanadh: Tá na freagraí seo beartaithe chun léargas a thabhairt ar ghnéithe éagsúla d’obair Choimisiún na Meán. Is mar eolas ginearálta a chuirtear an t-eolas seo ar fáil agus ní comhairle dlí atá ann. Déanfaimid iarracht an t-eolas seo a choinneáil chomh cabhrach agus chomh suas chun dáta agus is féidir.